Portráid de Pádhraic Ó Callagháin

Vivian Timon

Portráid de Pádhraic Ó Callagháin

 Lá breá brothallach a bhí ann agus mé ina sheasamh ag an gcrosbhóthar i Liosdruimnéil. Bhí an ghrian ag taitneamh os mo chionn agus ní raibh scamall ar bith sa spéir. Meán lae a bhí ann agus bhí mé an ann clog an aingil a chloisteáil go lag ciúin ón Ardeaglais í mBeallach A Dóirín. Tháinig mé abhaile as Coláiste Naomh Naithí ar mo laethanta saoire shamhraidh an tráthnóna roimhe sin. 

Bhreatnaigh mé suas i dtreo cnoc Mullach Na Sí agus ansin ina shuí ar an gcorrán bhí mé an ann a fhigiúr a fheiceáil – Pádhraic Ó Callagháin ag caitheamh a phíopa. Chuaigh Pádraic trasna an chnoic gach lá ag tréad beithe ar feirm bheag a fuair sé óna n-uncail , Tomás Casserley. Mar de ghnáth, ba é mo dhúchas ná léim ar mo rothar agus dul chuige chun comhrá a dhéanamh. Duine speisialta aba Pádhraic agus d’imir sé páirt mhór sna saolta de mo dheartháir, Brendan agus mé féin nuair a d’fhásamar suas i Liosdruimnéil.

 

Rugadh Pádraic Ó Callagháin sa bhliain 1898. Bhí sé ceann den an cead daltaí a bhuaileadh isteach sa scoil nua Náisiúnta i Mullach Na Sí sa bhliain 1906. Bhí sé aitheanta mar dhalta an éirimiúil sa scoil de réir mo sheanathair, Master Timon. Ag an am sin, bhreathnaigh na múinteoirí ó scoil An Donn na daltaí  i scoil Mullach na Sí.

 

Bhí Pádraic ina chónaí lena dheirfiúr, Margaret (Siss) , i dteach beag ceann tuí siar an bóthar ónár teach. Bhí feirm bheag acu ar chúl an tí agus portach ar an deireadh. Bhí feirm bheag eile acu ar chúl an chnoic a bhfuair siad óna n-uncail. Bhí a ndoras oscailte i gcónaí agus fáilte isteach. Is liom féin agus mo dheartháir Brendan an stól  beag cois tine acht amháin sa gheimhreadh ar oíche Satharn nuair a bheadh Martín Foley ag spaisteoireacht agus é ag gabháil an stól.

 

Ag taibhseoireacht a bhí Martin Foley gach oíche agus chuir sé eagla an domhain orainn. Tá cuimhne shoiléir agam ar na n-oicheanta a thógfadh sé an ghruaig de mo cheann agus mé ag éisteacht faoi uafás do. Sílim go bhfuair mé mo chead léargas do mheabhair Pádraic Ó Callagháin nuair a dúirt sé le Martin Foley tar éis scéal an scanradh maidir le taibhsí “Sure the ghosts going nowadays aren’t a patch on the ghosts in those days”. Ní raibh aon fhreagra ó Martin.

 

Fear an éirimiúil agus oilte ar ghnóthaí beatha aba Pádraic Ó Callagháin. Bhí clú agus cáil aige mar shiúinéir, mar thógálaí, agus mar thuíodóir – scil neamhchoitianta faoi láthair acht beagán. Bhí cumas dúchasach aige maidir le líníocht agus mar a cuirim síos níos déanaí fíor ealaíontóir aba é. Tá an cead cuimhne de a scileanna siúinéireachta atá agam bainte leis an ngrá óige a bhí ag mo dheartháir d’ainmhithe – grá d’ainmhithe a bhí soiléir tríd a shaol. Bhí searrach beag donn ag asal Ó Callagháin agus d’áitigh Brendan a thuismitheoirí an searrach a chéannacht cibé ní raibh aon talamh acu. Thug an searrach sin a lán díomas agus áthas do mo dheartháir agus faoi dheireadh bhí an searrach páirteach den teallach. An dúshlán is gaire dúinn ná cairt a dhéanadh don asal óg agus an duine is fearr chun cairt a dhéanadh ná Pádraic Ó Callagháin.

 

Ní raibh a lán uirlisí siúinéireachta ag Pádraic acht tá cuimhne ghéar agam ag feiceáil air ag gearradh agus ag plána na sáfacha, na spócaí agus i ndeireadh na dála rinne sé ceithre bhosca ar an taobh den chárta; bhí iontas an domhain orm. Nuair a bhí muid ag féachaint air agus an píopa ina bhéal aige an chuid is mó den am, bhí smacht ár m’intinn aige agus é ag meileadh a cheird. . Faoi dheireadh thiar thall tháinig an lá nuair a mheasc sé an phéint dhearg agus gorm agus bhí an cárta péinteáilte. An lá ina dhiaidh sin chuir Brendan trealamh as Neddy agus bhí ár gcead turas ar siúil – go Ballach A Dóirín, slán mar a n-insítear é agus Brendan an srian a choinneáil.

 

Acht mar sin féin, thaispeáin na cuairteanna do theach Tom Casserly, an áit a bhí an chairt a dhéanamh aige, taobh éagsúil do Phádraic Ó Callagháin; taobh ealaíonta. Bhí an teach mar is gnáth san am sin agus cistin mhór i lár an tí ina raibh teallach agus simléar sa láir agus dhá bhallaí istigh – bhí clúdach mór d’aol ar na ballaí sin tar éis blianta d’aoldath i gcomhair na Nollag. Ag úsáid acht cloch ghéar agus an luaith as an tine, eitseáil Pádraic líníocht trasna na mballaí istigh agus an simléar a thaispeáin an geata agus spuaic an tséipéil i Mullach Na Sí ar an bhfráma simléir agus ar gach aon taobh an cruinniú d’fhir a sheasadh amuigh ar an bhóthair roimh an Aifreann. Gan amhras, bhí an líníocht sin cosúil le hobair Picasso. Blianta ina dhiaidh, nuair a chuala mé gur thit an teach isteach bhí brón mór orm nár thóg mé pictiúr de a oilteacht ealaíonta (magnum opus).

 

Acht is iomaí bua a rugadh le Pádraic Ó Callagháin; bhí a fhios ag cách go raibh sé gasta agus go raibh tuiscint mhaith ar an ngreann aige. Bhí intinn ghéar aige freisin go mór mhór maidir le míniú focal. Nuair a bhí mé i mo mhac léinn bhí de phribhléid agam a bheith ina sui ar an gchorrán leis agus mé ag éisteach leis na ceisteanna go domhain corraitheach a tharraing sé anuas. Bhí ceann amháin faoi leith bainte leis an smaoineamh go raibh an Dia neartmhar ar fad is ar fad.

Ar thaobh dheis den charrán bhí cloch an mór. Dúradh san fhinscéal gur chaith fathach i Sligeach an chloch sin ó Shligeach go Mullach Na Sí; tá cúig mharcanna ar an chloch a dhéanadh íomhá de lámh an fathach.  Ag insint dom an scéal seo, dúirt Pádraic; cinnte bheadh Dia an ann an chloch sin a caitheadh ar ais go Sligeach lena laidhricín agus é a dhéanadh an oiread sin mór nach mbeadh an fathach an ann é a caitheadh ar ais go Mullach Na Sí. Bhí sé socair ciúin ar feadh nóiméad agus ansin chuir sé an cheist “ An mbeadh Dia an ann an chloch a dhéanadh an oiread sin mór nach mbeadh sé an ann é a caitheadh ar ais go Sligeach?”. Ag tógáil puth ar a phíopa agus le gáire beag searbh dúirt sé “Go ndéanadh Dia trócaire orainn, ní cóir dúinn beith ag caint mar sin.”

 

Comhrá eile a bhí againn a bhfuil soiléir i mo cheann agus a bhfuil goinbhlasta inniu ná haithris teicneolaíochta – níor úsáid sé an abairt sin. Léigh sé sa Roscommon Herald go dúirt eolaí i Meiriceá go mbeadh daoine an ann lá amháin duine a fheiceáil agus a chloisteáil ag an am cheana cé go mbeadh míle eadrainn – videophone communication mar a deirtear inniu. Ag an am sin ní raibh leictreachas i Mullach Na Sí, ná habair teilifís. An t-aon aithris teicneolaíocht sa pharóiste ná sean guthán san Oifig an Phoist. Acht bhí sé ar eolas dúinn go raibh teilifís in áiteanna i Meiriceá. Nach aisteach an rud é sin arsa Pádraic agus ansin chuir sé an cheist “ Cén uair a bheidh siad an ann feiceáil, labhairt agus lámh a chroitheadh ag an am chéanna le duine i Meiriceá?. An t-aon loighic a bhí aige ná más mar sin é go bhfuil eolaí an ann úim a chuireadh ar radharc agus fuaim – cén fáth nach bheidís an ann úim a chuir ar mothú. Ba é seo fáscadh soiléir go raibh intinn Phádraic ait agus duine ann féin aba é. Uair amháin eile agus gáire beag searbh ar a n-aghaidh dúirt sé “ Cuirtear  i Ballinsloe (ospidéal meabhairghalar) muid, má chloistear muid ag caint mar sin”. I gcomhráite eile a bhí agam, thaispeáin Pádraic eolas buntúsach de geoiméadracht agus triantánacht cibé ní raibh aon foirmiúil nó neamhfhoirmiúil nochtadh i matamaitic.  

 

Acht an cuimhne is mó sa pharóiste maidir le Pádraic Ó Callagháin is é a ghasta agus an tuiscint don ghreann a bhí aige. Tá na scéalta thart ar a gasta líonmhar agus greannmhar; mar sin bheadh sé an ann ailt speisialta  a scríob ar a ghasta. Déanfaidh mé cur síos ar beagán a bhfuil cuimhne ghrinn orthu. Tá cuimhne agam beith ina sheasamh os comhar an séipéal Domhnach amháin ag éisteacht le na fir ag caint agus ag caitheadh tobac roimh dul isteach chuig an Aifreann – rud a rinne siad gach Domhnach. Nuair a chuaigh bean áirithe as an bparóiste isteach sa séipéal dúirt fear éigin sa ghrúpa “ A Dia, tá sí ag caitheadh a lán púdar inniu” . Níl an ceart agat a dúirt Pádraic; “B’fhéidir go raibh sí ag díbirt luch sa mhála plúir roimh theacht amach”.

 

Ar chúis eile sa shamhradh nuair a bhí Pádraic ag siúl go dtí Lavin’s pub d’fhiafraigh comharsa ar “Do you think they have any rakes (meaning hay rakes) in Lavin’s to which Paddy retorted; “Well if they don’t it won’t be long till there is one in it”- clearly, a reference to himself. Ar ócáid eile, nuair a d’fhiafraigh strainséir ar Pádraic – “Will this road take me to Loughlinn”? Paddy replied “ Well I’ve lived on this road for the past 40 years and it’s never taken me to Loughlinn; good luck if it takes you”.  

 

I gcomhthéacs eile, bhí Pádraic an ann a bheith freasaitheach dúchasach. Mar shampla, lá amháin, bhí sé ag tiomáint Neddy, an t-asal, taobh thall dár teach nuair a bheannaigh  mo mháthair é leis an abairt “ Tráthnóna maith daoibh” An freagra as Pádraic ná an t-asal a bhualadh agus dúirt sé don asal “ Cén fáth nach labhraínn tú do dheirfiúr”.

 

Tá a lán scéalta eile maidir le Pádraic Ó Callagháin nach bhfuil cur síos air. An t-aon rud atá le rá agam ná gur ba é pribhléid mhór dom Pádraic Ó Callagháin a aithint.                                 

Ar chúis eile sa shamhradh nuair a bhí Pádraic ag siúl go dtí Lavin’s pub d’fhiafraigh comharsa ar “Do you think they have any rakes (meaning hay rakes) in Lavin’s to which Paddy retorted; “Well if they don’t it won’t be long till there is one in it”- clearly, a reference to himself. Ar ócáid eile, nuair a d’fhiafraigh strainséir ar Pádraic – “Will this road take me to Loughlinn”? Paddy replied “ Well I’ve lived on this road for the past 40 years and it’s never taken me to Loughlinn; good luck if it takes you”.  

 

I gcomhthéacs eile, bhí Pádraic an ann a bheith freasaitheach dúchasach. Mar shampla, lá amháin, bhí sé ag tiomáint Neddy, an t-asal, taobh thall dár teach nuair a bheannaigh  mo mháthair é leis an abairt “ Tráthnóna maith daoibh” An freagra as Pádraic ná an t-asal a bhualadh agus dúirt sé don asal “ Cén fáth nach labhraínn tú do dheirfiúr”.

 

Tá a lán scéalta eile maidir le Pádraic Ó Callagháin nach bhfuil cur síos air. An t-aon rud atá le rá agam ná gur ba é pribhléid mhór dom Pádraic Ó Callagháin a aithint.