An Gorta Mór i Tí Baethin

Vivian Ó Tiomáin

Vivian Timon

Rinne an Gorta Mór scrios uafásach ar pharóiste Tí Baethin. Bhí na feirmeacha beag –idir 2.5 go dtí 10 n-acra ar an meán agus an chuid is mó de faoi phrátaí; sna feirmeacha is mó bheadh 2.5 acraí faoi choirce. De ghnáth bhí an coirce a bhualadh go moch sa gheimhreadh agus díolta roimh ‘Lá Gála’ chun an cíos a íoc don tiarna talún. Go dtí sin, ba é an práta príomh bia na ndaoine sa pharóiste seo chomh maith le timpeall dhá mhála de mhin choirce. Bhí an áit chomh sonrach as a prátaí de réir mar a dúirt na spailpíní as Maigh Eo agus iad ar a mbealach soir ag lorg obair:

 

Fataí san oíche,

Fataí sa lá,

Agus má éiríonn meán oíche,

Fataí do gheobhainn.

 

Bhí an béile déanta as cuid den choirce a bhí sábháilte tar éis an chuid coda is mó   díolta. Acht bhí an chuid is mó den bhéile bruite – timpeall dhá chupán nó aon naigín (ba é an naigín an t-aon soitheach i gcistin na ndaoine bochta ag an am sin) i bpota mór uisce.

Praiseach fhíor thanaí ab a é. Caitheadh na prátaí bruite ar an mbord agus shuíodh an líon tí ag an mbord chun an béile a ithe. Cuireadh an phraiseach i mbáisíní láidir adhmad agus thum gach duine sop sa phraiseach (dea-bhlasta) chun é a smearadh ar phrátaí a bhí an craiceann  bainte daoibh.

Ar laethanta speisialta, mar shampla, nuair a bhíodar ag baint an coirce nó na laethanta nuair a bhí siad ag cur an choirce isteach san iothlainn agus na comharsana á gcuidiú í grúpaí, darb ainm meitheal, is é leite a tugadh dóibh mar bhricfeasta agus ‘Col Ceannann’ nó ‘Calaidh’ mar dhinnéar agus prátaí arís  sa tráthnóna le bláthach.

 Nuair a chuaigh an feirmeoir agus a teaghlach go dtí an gort, chun na prátaí a bhaint, d’fhan siad sa ghort an lá ar fad agus nuair a bhí gá acu dinnéar a ithe las siad tine agus cuireadh síos an ‘pristéal’ chun na prátaí a róstadh.               

Nuair a tháinig an dúchan i ‘mallaithe 47’ chuaigh na feirmeoirí amach sa Mheitheamh agus chonaic siad na gais prátaí chomh dubh le gual. Cheap siad ar dtús gur sioc a ba chúis leis.  Sa bhliain sin ní raibh siad ró dhona mar bhí prátaí acu acht bhí siad an-bheag – ‘póiríní’ a bhí ann agus rangaigh siad sa mhéid ó ubh puiléid go tomhas airne. Bhí coirce an mhaith sa pharóiste seo acht bhí an chuid is fearr díolta san fhómhar mar bhí an praghas tarraingteach.  Níor choinnigh siad mórán ach an síol  i gcomhair an earraigh.

 

Mar sin féin, níor cailleadh morán sa bhliain sin mar d’ith na daoine bochta a lán cearc, gabhar, laonna óg, agus éanlaithe fiáine anois is arís. Ba é coir uafásach éanlaithe fiáine a mharú mar bhí gníomhaire an tiarna talún i ngach ceantair. 

 

Acht thug ’47 tuilleadh mí-ádh agus anró. Is ansin a thit na daoine bochta in umar na haimléise. Bhí na póiríní curtha sa talamh, cuid acu curtha mar shíol a chroitheadh cé go raibh na póiríní ró beag a chur mar is de ghnáth i ndromanna leis an ‘suibhín’. Bhí toradh maith ar na gais prátaí  ar dtús acht tar éis tamaill i mí Meitheamh tháinig an dúchan ar ais acht amháin i dtalamh bán nach raibh saothraithe le fada an lá. 

 

Sa bhliain sin rinneadh scrios mór ar na daoine. An beagán i ngach baile a raibh tréan agus na daoine a raibh ór i gcnap acu (ór a choinneáil i dtaisce  acu i gcóir dáil a iníon) roinn siad le comharsana níos lú ámharach go dtí gur tháinig an fiabhras agus é a leathadh. Bhí an fiabhras leitheadach tar éis na Nollag agus bhí a lán teaghlach glanta amach sna bailte beaga i dTí Baethin. Bhí gach rud ite, ainmhí de gach cineál, laonna, caoirigh, gabhair agus asail agus bhí foghail déanta ar thréad cóngarach freisin ag na daoine bochta a bhí in anchaoi.    

 

Cabhraigh na feirmeoirí toiciúla sa pharóiste, mar shampla na Gallaghóirí as Aghacurín agus feirmeoirí eile, a gcomharsana acht ní raibh cead ag na daoine bochta dul isteach sa teach ar eagla go dtógfaidh siad an fiabhras leo. Bhruith siad pota ollmhór leite agus ansin dhoirt siad an leite i dtrachanna mór i bhfad ón teach. Chruinnigh na daoine bochta le chéile agus bhí cuid acu ag fáil bháis cheana féin chun an leite a thabhairt abhaile dá bhean chéile agus páistí a bhí stiúgtha leis an ocras.

 

Uaireanta, d’ith duine mífhortúnach ró mór agus mharaigh an bia é. Bhuail scread na mbaintreach nua agus na leanaí dílleachta tríd an cheantar ar oíche sheaca agus iad ag coinne abhaile a nathair le bia. Itheadh ainmhí marbh uaireanta san am sin, mar shampla asail marbh, gabhair marbh, agus ainmhí eile.

 

Dúradh  gur thug máithreacha éigin fheoil leanbh marbh do na páistí eile sa teallach, ag ligean orthu go bhfuair a nathair í as teach mór éigin. Dhiúltaigh an scéalaí ainmneacha na ndaoine sin a chur an muid ar eolas dúinn; Chroith sé a cheann agus dúirt sé “Táid uileag  san uaigh anois agus fág marbh iad”.      

Is i rith an ghorta móir a líonadh an reilig i dTí Baethin. Ní raibh lá sa tseachtain nach raibh 30 nó 40 adhlactha sa reilig, cuid acu san oíche. Nuair a fuair duine bás ag an am sin, de ghnáth cuireadh an corp i scriúta nó i mála sean agus nuair a bhí sé dorcha tugadh an corp don chomharsa béal dorais. Bhuaileadh cnag ar an doras agus d’fhág siad an corp ar an dtalamh agus d’imigh siad. Fuair na daoine sa teach sin cúpla comharsan agus d’fhág siad an corp os coir a comharsan béal dorais agus mar sin de go dtí an teach deireanach i ngar don reilig. Chuala na daoine sa teach deireanach  an cnag ar an doras. Bhí fios acu cad a bhí ar siúl; Chuir siad glaoch ar a gcomharsana agus ar aghaidh leo go dtí an reilig.

Tógadh lánta, spáda, sluaistí agus coinnle feaga agus rómhair siad uaigh d’íobartach eile de ‘John Bulls Kindness’.  Choinnigh na glaonna seo daoine a bhí cónaithe i ngar don reilig gan codladh oíche i ndiaidh oíche mar bhí siad ag cuireadh corp i dtalamh tríd an oíche.

Ní raibh sé neamhchoitianta bean a fheiceáil ag dul tríd an mbaile, Tí Baethin, agus cliabh ar a droim agus beirt leanbh marbh sa chliabh aici agus í ag dul go dtí an reilig. Nuair a bhí sí críochnaithe ag cur na leanaí sa talamh bhain sí neantóga agus líon sí an cliabh leo chun iad a bhruith sa bhaile agus a ocras a bogadh. Ró mhinic bhí sí faighte ar thaobh an bhóthair agus sú glas na neantóg ar a bhéal. Níl aon bhaile sa  pharóiste nach bhfuil fothracha tí le fheiceáil. Dá n-iarrfaí orthu  “Cé` hiad a chónaigh sa teach sin” An freagra a gheobhaidh tú. “Beannacht Dé orthu, thóg an Gorta Mór iad acht chuaigh cuid acu thar lear ar longa nach raibh sábháilte”. Níor labhair na sean daoine madair le teaghlaigh a bhí scriosta amach is amach le hocras agus eisimirce. An freagra coitianta ná “Níl aon daoine leis an ainm sin sa pharóiste anois”.  

 

Aistrithe ón leagan Béarla le Vivian Ó Tiomáin.        

 

 

Author: Vivian Timon

My name is Dr. Vivian Timon. I am a scientist by training and have worked in AN Foras Taluntais, Ireland, first as a scientist and then as Assistant Director. I spent two years in North Carolina State University as Professor of Genetics. Later I joined The Food & Agriculture Organization (FAO) of the United Nations and ended my 15-year career there as Senior Advisor, Science & Technology. In the year 2000, on retirement, I took a keen interest in Genealogy and Gaelic studies and went back to University (NUIG) to study the Gaelic language. During the past few years, I have built a Timon Family Tree now embracing over 1400 persons over more than 10 generations and published several articles relating to Genealogy and the History of the Timon Family in Irish and in English.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *