Cén fáth ar chuiread Conrad na Gaeilge ar bun?

Pádraic Ó Tiomáin

Patrick Timon, my father, on retirement from Fairymount NS.

Is iomaí duine in Éirinn inniu nach gcreidfeadh gurbh í an Ghaeilge gnáth-teanga Ceithre Mhilliún duine sa tír seo céad agus fiche bliain ó shin. Ach ba í. Agus is deacair, freisin, a chreidiúint gur fhoghlaim agus gur labhair breis agus trí mhilliún Éireannach Béarla idir na blianta 1861 agus 1891. Bhí an teanga ag fáil bháis chomh mear idir na blianta sin nach raibh, de réir Census sa bhliain 1891, thar mhilliún a leabhair a dteanga dhúchais.

Cén chaoi ar tharla an mhíorúilt sin? Caithfear dul siar go dtí 1825 nuair a chuir Coimisinéirí Oideachais in Éirinn cuntas agus tuairisc uathu ar staid an Bhéarla sa tír. Chuaigh dream i Sasana i mbun oibre. Bhí an t-teaspag Whately ina measc. Gineadh “Arrachtach” sa bhliain sin, 1825 agus rugadh sa bhliain 1831, é. An “Scoil Náisiúnta” a baisteadh mar ainm air. Chuaigh an “tanchúisne” i mbun oibre gan moil dá laghad.

Concas úr

Cén cuspóir a bhí ag an “scoil náisiúnta? An t-aon chuspóir amháin – an Teanga Ghaeilge a mharú, an Tír a Shasanú, agus daoine neamhliteartha a dhéanamh de mhuintir na hÉireann. Na tiarnaí talún a chuir na botháin ar tugadh scoileanna orthu ar fhail do na “múinteoirí”. Bhí na tiarnaí  ina “bainisteoirí” scol agus d’fhostaigh siad lucht oibre na scol. Céard faoi na múinteoirí? Níor mhúinteoirí iad de réir bunbhrí an fhocail. Seanshaighdiúirí a bhí i gcuid acu, “scríbhneoirí sál” as na tithe móra, searbhóntaí as tithe tiarnaí talún agus daoine den sóirt sin. Ní raibh léann ar bith ag cuid mhaith acu agus, ‘mirabile dictu’, ní raibh léamh ná scríobh ag cuid. Má bhí Béarla, fiú Béarla briste acu, bhíodar cáilithe.

Céard a bhí á mhúineadh sna scoileanna? Ar an gcéad dul síos bhí an teanga Ghaeilge toirmiscthe iontu. Rinne na Coimisinéirí Oideachais dheimhin de mar soláthair siad “bataí scóir” agus gobáin do gach scoil. Chaith páistí bochta, nár chuala fiú focal Béarla riamh, an lá ag aithris is ag athrá ranna Béarla gan ciall ná brí. Seo ceann acu:

I thank the goodness and the grace,

Which on my birth have smiled,

And made me in these Christian days,

A happy English child. (“Whately)

Agus seo sliocht as ceacht léitheoireachta:

On the east of Ireland where the Queen lives is England.

Many people who live in Ireland were born in England

And we speak the same language and are called one nation.

Ag Dia amháin atá a fhios cén chaoi ar choinnigh formhór mhuintir na tuaithe, corp agus anam le chéile roimh 1879 agus le linn Chogadh na Talún. Is iontach an rud é nár ardaigh duine ar bith méar in aghaidh an Oireachtais an uair seo ach an t-aon duine amháin, an tArd-Easpag Mac Eil. Ghoill an mi-ádh seo go mór air agus rinne sé cion fir gan amhras. D’Ionsaigh sé Bille Oideachais Stanley go fíochmhar agus rinneadh mionathrú air. Fuarthas cead roinnt Gaeilge a labhairt sna “scoileanna”. Thug sagairt an Easpaig Mhóir a seanmóirí i nGaeilge, ach faraor géar, fuair an Dochtúir Mac Eil bás sa bhliain 1885 agus níor tháinig aon Ghael Mór ina dhiaidh lena dhea-obair a choinneáil ar siúil go dtí 1891.

Níor chualathas mórán faoi labhairt na Gaeilge nó faoin dochar a bhí á dhéanamh ag na scoileanna don teanga. Déarfar gur cuireadh an chuimse cumann Gaelach ar bun sa naoú aois déag. Cuireadh, ar ndóigh, ach Cumann Acadúil a bhí i ngach ceann acu agus rinne siad sárobair do scoláirí Gaeilge. Chuireadar cuid mhaith leabhar amach. D’fhoilsiodar litríocht Ghaeilge, cuid mhaith aistriúchán ón tsean-Gaeilge.Ba deacair scoláirí chomh léannta leo a fhail in aon tír eile le na linn. Faic ní dhearnadar ar sa labhairt na Gaeilge. 

Gael  Óg

Caithfimid dul siar go Nua-Eabhrac áit a raibh Gael óg, an Dochtúir Dubhglas  de hIde, ar cuairt. Ar mhaithe le labhairt na Gaeilge a chuaigh sé siar mar is léir ón léacht a thug sé uaidh. Seo mar a tuairiscíodh é ar an nuachtán úd “An Gaeilge na hAlban American” den dáta Meitheamh 27, 1891 agus é clóbhuailte i nGaeilge. “Anois a dhaoine uaisle, más mian líbh an Ghaeilge a choinneáil beo in bhur measc , níl aon slí ná aon mhodh eile lena dhéanamh ach amháin í do labhairt i gcónaí – i gcónaí a deirim, – eadraibh féin. Leanaigí mo shampla, impím oraibh. Tá mé faoi gheis mar a dúirt siad sa tsean-Ghaeilge, tá mé faoi gheis agus faoi mhóid gan aon fhocal Béarla a labhairt choíche ná go deo ach amháin an uair nach dtuigfear mé i nGaeilge…..deirim libhse agus deirim arís agus arís é nach bhfuil aon chaoi eile leis an teanga a choinneal bheo ach amháin í a labhairt…….Más mian leis na hEireannaigh seasamh le chéile mar aon Náisiún agus aon chine caithfidh said sean-chluichí, sean-nóis agus sean-cheol a dtíre féin a chleachtadh. Agus cé an áit a bhfaighidh sibh sreang níos laídre nó ceangail níos buaine ná sean-teanga na hÉireann………..D’fhéadfainn mórán eile a rá ach creidim go dtuigeann sibh an chúis anois chomh maith liom féin. Mura raibh ach aon fhocal eile le rá agam ba é- Labhraigi Gaeilge le chéile , – é.”

SOISCÉAL

Ba shoiscéal nua an soiscéal sin gan amhras ach chualathas arís agus arís eile é sa bhaile in Éirinn ina dhiaidh sin. Bhí an Dochtúir de hIde ina Uachtarán ar an gCumann Liteartha Náisiúnta i mBaile Átha Cliath in 1892. Thug sé óráid uaidh ag céad chruinniú na bliana ar Shamhain 25, 1892. Bhí idir céad agus céad go leith bail i láthair. Chuir de hIde gáir chatha amach nár cuireadh amach riamh roimhe ag na Feisirí, ag Éirinn Óig ná ag na Fininí. Ba é an rosc catha ná  go gcaithfeadh siad Sasanschas a scríos in Éirinn, sé sin go gcaithfeadh siad  sin Éire a  dhi-Shacsanú agus go gcaithfeadh siad sin a dhéanadh tríd an teanga, tríd an gceol, trí na cluichí náisiúnta ach go mór mór trí labhairt na teanga. Bhí daoine ag éisteacht leis a raibh an Ghaeilge acu ón gcliabhán agus ní labhraidís í agus ní raibh sí ag a gclanna. Cuireadh ag smaoineamh iad. Dúirt sé go dtáinig an t-am ‘nár cheart dul go dtí na daoine féin mar bhí anam na hÉireann ina slua mór daoine , na daoine nach raibh iontu de réir Dean Swift ach “lucht gearrtha adhmaid agus lucht tarraingthe uisce”. Ar na daoine sin a bhí an obair mhór – teanga a bhreith ó bhás. Ba mhithid a thuiscint nach bhféadfaí rud fónta a dhéanamh in Éirinn agus ag déanamh aithris ar na Sasanaigh ag an am céanna. Ní fhéadann siad a bheith ina nGaeil agus ina seoníní.

Thug an óráid sin ábhar machnaimh do chuid mhaith daoine a chuala é agus a léigh é. I dtús na bliana 1893 chuaigh an Dochtúir de hIde, agus Yeats in éineacht leis, go cathair Chorcaí, áit ar lean sé ar a shoiscéal. Dúirt sé freisin, go raibh níos mó déanta ag Cumann na Lúthchleas i gcúig bliana ná rinne na cainteoirí i gcúrsa trí fichid bhlain. Ní gá dom a rá nach raibh an nuachtán Sasanach in Éirinn – The Irish Times- ró-cinéalta sa cuntas i dtaobh chaint de hIde. Seo píosa a scríobhadar:  “Tá aon rud amháin ann, a bhfuilimid cinnte faoi, is é sin nach bhfuil aon tír sa domhan a mbeadh misneach ag duine ábalta leath-mhúinte a leithéid chaint a thabhairt uaidh, ná lucht éisteachta d’fháil do ligfeadh orthu go raibh siad sásta léi.

Lean an Dochtúir de hIde air ag treabhadh leis in 1893 ach d’iompaigh an taobh dearg den fhód in uachtar ag cruinniú eile den Chumann Liteartha Náisiúnta. “Tá a fhios ag an saol gur fear a rinne beart de réir a bhriathair i gcónaí é agus tharla nach raibh Gaeilge ag mórán a bhí ag an gcruinniú áirithe seo labhair sé i mBéarla faoi na “Scoileanna Náisiúnta”. Seo cuid den léacht:

“I saw bright eyed, intelligent children, second in intelligence I should think to none in Europe with all the traditional traits of a people cultured for 1500 years. Children endowed with a vocabulary (Irish) in everyday use of about 3000 words, enter “National Schools”, come out at the end (of a few years) with all their vivacity gone, their intelligence sapped, the splendid command of their native language lost forever, with a couple of hundred English words, badly pronounced and barbarously employed substituted for it and this they in turn will transmit to their children, while everything that they knew – story, lay, poem, song, aphorism, proverb and the unique stock in trade of an Irish speaker’s mind – gone forever and replaced by nothing. I repeat – gone forever. I am haunted by the look of fear, failure and despair on these children’s faces as they rhymed Whateley’s …….

Bhí an treabhadh agus an fuirseadh déanta agus an ithir réidh don síol nuair a shiúil dornán d’fhir isteach i seomra Mhártain Uí Cheallaigh ag a 9, Sráid Uí Chonaill, Íochtarach, i mBaile Átha Cliath agus an dáta – an lá deireadh den tSamhradh, 1893. Sílim nach bréag a rá gur dtáinig toradh do-inste as an gcruinniú beag sin. Tháinig (tá súil agam) sábháil na Gaeilge agus ina theannta sin saoirse, beagnach iomlán, sna Sé Contaetha Fichead. B’sin mar ar cuireadh Conradh na Gaeilge ar bun.

Foilsithe ag Pádraig Ó Tiomáin, sa Irish Press, ar 16 Lúnasa 1973 .                              

Author: Vivian Timon

My name is Dr. Vivian Timon. I am a scientist by training and have worked in AN Foras Taluntais, Ireland, first as a scientist and then as Assistant Director. I spent two years in North Carolina State University as Professor of Genetics. Later I joined The Food & Agriculture Organization (FAO) of the United Nations and ended my 15-year career there as Senior Advisor, Science & Technology. In the year 2000, on retirement, I took a keen interest in Genealogy and Gaelic studies and went back to University (NUIG) to study the Gaelic language. During the past few years, I have built a Timon Family Tree now embracing over 1400 persons over more than 10 generations and published several articles relating to Genealogy and the History of the Timon Family in Irish and in English.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *