Gnéithe den Bhéaloideas i mo cheantar dúchais

VIVÍAN Ó TIOMÁIN

Vivian Timon

San am atá anois ann in Éirinn dá gcasfá ar dhuine éigin  ar an tsráid, de réir dealraimh bheadh sé ag caint  faoi fhorbairt eacnamaíochta nó gnéithe eile atá bainteach leis an Tíogar Ceilteach. Cheapfá uaidh nach bhfuil rudaí eile tábhachtach maidir lenár dtír; mar shampla, ár dteanga dhúchais, ár mbéaloideas agus ár nÉireannachas féin. Is dócha go bhfuil sé imithe as ár  gcuimhne an ráiteas speisialta a dúirt Thomas Davis na blianta ó shin – “ Tír gan teanga, tír gan dúchas”. Is é  mo thuairim sa lá atá inniu ann go gcaithfimid an ráiteas sin a shíneadh níos faide mar seo a leanas:

 “Tír gan teanga, tír gan dúchas”

Tír gan dúchas, tír gan anam,

Tír gan anam, tír gan béaloideas,

 Tír gan béaloideas, tír gan stair, tír gan todhchaí.

 Tá sé soiléir go bhfuil suim mhór agam sa bhéaloideas. Ar an gcéad dul síos, ba bhreá liom a mhíniú cad is béaloideas ann. De ghnáth, deirtear gurb ionann an béaloideas agus eolas, tuiscint, nósanna nó scileanna traidisiúnta a théann ó dhuine go duine, ó phobal go pobal, ó chine go cine nó ó ghlúin go glúin trí phróiseas insinte béil nó trí aithris. Ba dhuine críonna a bheadh in ann bunús a chur le tús an bhéaloidis ach is cinnte go bhfuil síol an bhéaloidis curtha nuair a théann sé ó dhuine amháin go duine eile gan cabhair scríbhinní ná cló lena scaipeadh (1).

 Glactar leis de ghnáth gurb iad tréithe an bhéaloidis na tréithe seo a leanas; (i) De bhéal a scaiptear an chuid is mó agus is fearr de; (ii) Ní bhíonn ainm údair á lua leis; (iii) Bíonn sé ag síorathrú a bheag nó a mhór; (iv) Maireann sé ar bhéal nó in aigne duine; (v) Is rud feidhmiúil é a fhreastalaíonn ar riachtanas éigin de chuid an phobail a chaomhnaíonn é. (vi) Is minic a bhíonn sé taobh amuigh de na rialacháin, de leagan oifigiúil den stair nó den chreideamh.

 

Feidhmíonn an béaloideas chun tairbhe an phobail mar seo a leanas:

Feidhm Fhuascailteach: Mar shampla – Tugann an scéalaíocht, an ceol, an rince agus na hamhráin fuascailt don phobal ó thuirse agus ó dheacrachtaí an tsaoil.

Feidhm Dhlisteanaithe: Déanann an béaloideas dlisteanú ar thuiscint agus ar nósanna an phobail; tuigtear go bhfuil ciall leis an leagan amach atá ag daoine ar an saol agus go bhfuil bunús láidir lena  gcuid tuairimí agus lena n-iompar.

Feidhm Oiliúna:  Tá feidhm theagaisc agus oiliúna go mór chun tosaigh sa bhéaloideas mar atá le tuiscint ón bhfocal féin. Insítear scéalta eiseamláireacha chun an pobal a chur ar an eolas faoin gcaoi ar cheart dóibh iad féin a iompar.

Feidhm Aontais: Cothaíonn an béaloideas aontas sa phobal agus is cúnamh é le smacht sóisialta a chur i bhfeidhm; mothaíonn daoine ceangal leo siúd a chleachtann na nósanna céanna.

 

Is féidir an béaloideas a rangú idir: (i) An Ealaín Bhéil ( Béaloideas agus Litríocht, Scéalaíocht, Amhránaíocht, Filíocht bhéil, Seanfhocail agus Rabhlóga, srl.); (ii) Nósanna agus Tuiscintí Traidisiúnta (Deasghnátha aistrithe, Féilte na bliana, Leigheas traidisiúnta, srl.) agus, (iii) Ceirdeanna traidisiúnta (Gaibhneacht, Caoladóireacht, Gréasaíocht, srl.).

 Mar a dúirt mé cheana, tá suim áirithe agam i mbéaloideas, go mór mór i mbéaloideas atá bainteach le traidisiún na scéalaíochta, le cora cainte/seanfhocail agus le filíocht bhéil.  Mar sin chuir mé taighde ar bun i mo cheantar dúchais i Ros Comáin. Ar dtús rinne mé taighde ar an Idirlíon maidir le heolas faoi bhailiú Béaloidis na tíre, Cartlann Bhéaloideas Éireann, le fáil ag <http://www.ucd.ie/irishfolklore/>. Léigh mé ansin gurb é an rud atá i mBailiúchán na Scol: 1,128 imleabhar ceangailte, chomh maith le thart ar 40,000 bunchóipleabhair scoile i mboscaí uimhrithe; tá níos mó ná leath milliún alt sa bhailiúchán ar fad.   Léigh mé freisin go raibh cóipeanna de na bunchóipleabhair  i leabharlanna an chontae. Mar sin thug mé cuairt ar Leabharlann Co. Ros Comáin, i mBealach a Dóirín agus i Ros Comáin.  Ar dtús rinne mé taighde ar m’áit dhúchais agus  déanaim cur síos uirthi mar seo a leanas.

 M’áit dhúchais: Rugadh agus tógadh mé i Liosdruimnéil, Mullach na Sí. Tá go leor cuimhní agam ar m’óige faoin bparóiste, cuimhní taitneamhach an chuid is mó acu.   Is paróiste suimiúil é, Mullach na Sí, ina bhfuil cnoc ard suite i lár machaire mór móinteach.  Tá corrán ar bharr an chnoic agus sin é an pointe is airde sa chontae. Tá sé níos mó ná seacht gcéad troigh os cionn na mara. Ar lá geal d’fhéadfaí na cúig chontae de chúige Chonnacht a fheiceáil ó bharr an chnoic, agus cuid de chúige Laighean freisin.

Áit álainn, gleoite í Mullach na Sí cé go mbeadh sí iargúlta agus scoite trí shúile daoine a chónaíonn sa chathair. Áit stairiúil í freisin. Ard Sean Lios an sean ainm a bhí uirthi(2). De réir suirbhéireachta seandálaíochta déanta ag Oifig na nOibreacha Poiblí le gairid tá láithreán sean dún ar bharr an chnoic    – fianaise go raibh comhsheilbh Cheilteach ina gcónaí ann timpeall 1000 bliain RC (3). Maidir le cuntais stairiúla, tá sé scríofa sna hAnnála gur thug Naomh Pádraig cúirt ar an áit  sa bhliain 437, in éineacht lena neacht, Lallocc agus an t-easpag Cathach agus gur chuir siad mainistir ar bun i mbaile darbh ainm Maighean Iontach, míle siar ó bharr an chnoic (2). Níl fothrach ná mainistreach le feiceáil anois ann ach go dtí le gairid breathnaigh muintir na háite ar an áit mar áit bheannaithe.   

 Cé go bhfuil Mullach na Sí go hálainn agus stairiúil tá an talamh an-gharbh, an chré an-trom agus is deacair é a léasú.  Bhí na feirmeacha an-bheag freisin agus mar sin ní raibh mórán saibhreas sa cheantar nuair a bhí mé ag fás aníos. Dá bhrí sin chuaigh a lán daoine thar lear go mór mór go Sasana. Ní raibh fágtha ann ach na seandaoine agus faoi láthair tá a lán tithe ina bhfothracha sna bailte a bhí bríomhar agus dubh le daoine nuair a bhí mé óg. Tá an spraoi agus an gáire a bhí ann tráth imithe.

 An rud is measa agus is brónaí atá caillte ná an oiliúint agus gnásanna na ndaoine sa cheantar. Daoine gníomhacha, athléimnigh, éirimiúil agus cairdiúla ab ea iad. Bhí suim mhór acu i ngach rud Éireannach  – ceol, scéalta agus dánta. Tá cuimhne shoiléir agam ar an gceol agus rince sna tithe agus sa samhradh ag an gcrosbhóthar. Tá cuimhne ghéar agam freisin ar an teach streachlánach – na seanfhir ag taibhseoireacht – ag bualadh leis an diabhal ag an gcrosbhóthar agus é reiligíneach mar chos capaill.   Do bíodh faitíos an domhain orm ag éisteacht leo.

 Buíochas le Dubhghlas De hÍde (An Craoíbhin Aoibhinn) níl an t-iomlán caillte. Rugadh Dubhghlas De hÍde i dTeach Longfoirt, An Caisleán Riabhach (17 Eanáir, 1860) agus tógadh é i Ratra, baile beag i dTí Baethin. Bhíodh an Ghaeilge á labhairt go coitianta sa cheantar ag an am agus níorbh fhada go raibh an Craoibhín óg cumasach sa teanga. É  fós ina ógánach, bhailigh sé a lán scéalta agus dánta ó na seandaoine. Buíochas leis, tá cuid de na scéalta agus na dánta sin foilsithe aige. Tá cuimhne speisialta agam ar phíosa filíochta bhéil a fuair sé ó sheanbhean i mbaile beag i ngar do theach mo sheanathar. Píosa filíochta dílis í mar seo a leanas: 

 Dúirt bean liom go ndúirt bean léi,

Go ndúirt bean eile gur inis bean dí,

 Go bhfaca sí bean ag bun na sceithe,

Ach bean nár bhean ach sí bhean í.

Bhailigh m’athair, mo sheanathair agus mo shean-aintín roinnt scéalta ó na sean daoine freisin, agus d’fhág siad ag Coimisiún Béaloidis na hÉireann iad.

Béaloideas mo cheantar dúchais

Thug mé cuairt ar na leabharlanna poiblí i Ros Comáin agus i mBealach a Dóirín agus fuair mé a lán píosaí  béaloidis; scéalta grinn, scéalta grá, scéalta tubaisteacha agus síscéalta. Bhí siad go léir scríofa i mBéarla ach ceann amháin a scríobh mo shean-aintín. Fuair mé scéalta scríofa ag m’athair agus mo sheanathair sa Bhéarla cé go raibh Gaeilge ar a dtoil acu; chuir sé sin iontas mór orm! Ón scríbhneoireacht a fuair mé rinne mé fótacóipeanna de chúig phíosa dhéag, agus ansin rinne mé spléachadh (scan) orthu agus tá siad go léir ceangailte in Iarscríbhinn 1.

An Aimsir: Tá cúpla scéal bainteach leis an aimsir agus tá sean aithris iontach agus greannmhar i scéal a thug seanfhear i Lissergool (Thomas Regan) do m’athair (4), mar seo a leanas:

 “Ná creid Fionn agus ná creid Fiach

 agus ná creid briathra mná,

Más moch mall d’éireodh an ghrian,

Is mar is toil le Dia a bheidh an lá.”

The Fairy Steeds of Aughurine (5). Seo scéal an-suimiúil; stail sióige atá  i gceist nuair a thagann láracha shearraigh as “Poillín a Bhric” gan stail ar bith sa cheantar. Ach ní go maith a d’éirigh leis an bhfeirmeoir nuair a rinne sé iarracht an stail shíogach a fhostú.

 Na Féilte: Tá scéalta ann atá bainteach leis na Féilte (6); Lá Fhéile Bríde atá ar an gcéad lá d’Fheabhra. Déantar Cros Bhríde in onóir do Bhríd an oíche roimhe(7).

 Lá Fhéile Sin Seáin atá ar an 24ú lá de Mheitheamh ach an ócáid is fearr ag an am sin ná Oíche na dtinte Cnámh; bhíodh an-spórt ag an tine chnámh, na daoine óga ag súgradh agus na daoine fásta ag damhsa ag an gcrosbhóthar. Oíche Shamhna – ócáid eile a bhfuil cuimhne shoiléir agam uirthi. Bhíodh púcaí agus taibhsí amuigh an oíche sin agus briseadh cabáiste sna gairdíní faoi scáth na hoíche.

 Leigheasanna traidisiúnta agus piseoga: Sa bhailiúchán i Ros Comáin, fuair mé alt ó sheanfhear darb ainm John Bruen (8), atá bainteach le leigheasanna áitiúla; cúig  leigheas déag d’easláinte agus galar de gach sórt ó neascóidí go féitheacha borrtha. Sa bhailiúchán céanna bhí dhá leathanach de phiseoga a úsáideadh sa cheantar sna tríochaidí (9); tá cuid acu bainteach le him baile agus an mí-ádh a bhíodh ar dhaoine nuair a bhí siad ag iarraidh an bainne a bhriseadh. Tá liosta de sheanfhocail (10) sa bhailiúchán freisin, cuid acu i nGaeilge, agus tá leigheas aisteach ann i gcóir tinneas cinn.

Tigh Bhaethin agus An Gorta Mór: Tá scéalta iontacha agus an-stairiúla sa bhailiúchán, ceann lámhscríofa le hÚna Ní Thiomáin (11) agus  scéal eile inste ag Edward Timon do m’athair Padraic Ó Tiomáin i 1918. Cuireann na  scéalta seo in iúl  dúinn stair an cheantair agus na páirteanna  a d’imir Naomh Pádraig agus Naomh Baethin sa pharóiste na blianta fada ó shin. An scéal is coscrach a bhailigh mé ná “Famine Times” inste ag Luke Callaghan (80 bliain) do Phádraic Ó Tiomáin i 1921. Is scéal é faoin nGorta Mór agus cuireann an scéalaí in iúl dúinn an fhulaingt uafásach a chrá ar na daoine bochta i rith an ghorta, go mór mór in 1847; tugadh “mi-ádh agus anró” ar na daoine sa bhliain sin. Tá véarsa beag ag tús an scéil sin a chuireann in iúl dúinn  spleáchríoch na ndaoine ar phrátaí nó fataí mar a deirtear sa scéal.

Fataí san oíche,

Fataí san ló,

Agus má éiríonn meán oíche,

Fataí gheobhainn.

Ach faraor géar, ní raibh sin le rá acu faoin mbliain Dhubh 47. Bhí an fhulaingt agus liosta na marbh chomh huafásach sin nach raibh fonn ar na daoine labhairt faoin tragóid le fada an lá as sin amach.

Cuntas gearr é seo ar mo chéad iarrachtaí eolas a fháil faoi bhéaloideas i mo cheantar dúchais. Ach tá i bhfad níos mó taighde le déanamh agam. Tá súil agam go bhfaighidh mé a thuilleadh treorach agus cúnaimh a bhaineann  leis an ábhar ó na hionaid sa cheantar, mar shampla,  Comhdháil an Craoibhín, The Douglas Hyde Interpretative Centre, Portahard, Tibohine,  The Lough Gara Historical Society and The Roscommon Archaeological and Historical Society.    

 Tagartha
  1. Lámhleabhar, O G. Lámhleabhar an Mhic Léinn : An Chéad Bhliain, Samhradh,  2005. Deireadh Seachtaine 2; Leacht 1. An Béaloideas (l. 361).
  2. Timon, Patrick, 1986. Extracts from lecture given on Tibohine to the Lough Gara Historical Society by Patrick Timon in 1969. Journal of the Roscommon Archaeological and Historical Society, Vol, 1. 1986.
  3. Conlon, Tomas, 2003. Celtic Site discovered in Fairymount. Roscommon Herald, 2003.
  4. Regan, Thomas. 1938. Story told by Thomas Regan (80 years) to Patrick Timon, The Don School. I mBáiliúchán na Scol, An Donn. 1938.
  5. Gallagher, Pat. 1938. The Fairy Steeds of Aughurine. Story told by Pat Gallagher (75 years), Aughacurreen, May, 1938. I mBáiliúchán na Scol, An Donn. 1938.
  6. Ó Máille, Tomás. An Béal Beo. Caibidil 3: Na Féilte.
  7. 1938. St. Bridget’s Cross. Short story from the Don School, I mBáiliúchán na Scol, An Donn. 1938.
  8. Bruen, Ellie. 1938. Local Cures. List of 15 ‘Local Cures’, from the Don School. I mBáiliúchán na Scol, An Donn. 1938.
  9. 1937. “Pisreoga from 1937” – “More Pisreoga from 1937”. Two contributions on Piseoga from the Don School; I mBáiliúchán na Scol, An Donn. 1938.
  10. 1937. “Old Sayings” and Marriage Customs”. Contributions from The Don School. I mBáiliúchán na Scol, An Donn. 1938.
  11. Thiomáin, Úna Ni. 1903. Thig-Baethin (Tibohine). Aiste (Lámh-scriofa) ar Naomh Baethin agus an paróiste Tigh-Bhaethin. I mBáiliúchán na Scol, An Donn. 1938.
  12. Ó Tiomáin, Pádraic. 1918. Story told about the history of Tibohine Parish by Edward Timon (95 years). I mBáiliúchán na Scol, An Donn. 1938.
  13. Ó Tiomáin, Pádraic. 1921. “Famine Times” Story told by Luke Callaghan (80 years) on “Famine Times” in Tibohine Parish. I mBáiliúchán na Scol, An Donn. 1938.

Iarscríbhinn 1

Liosta de Scéalta i mBailiúchán “ Scoil An Don”

  • Weather Forecasting
  • Famine Times
  • Tibohine
  • Tigh Baethin
  • Fairy steeds of Aughurine
  • Local Cures
  • Piseoga
  • More Piseoga
  • Brigid’s Cross
  • Hidden Treasure
  • Old Crafts

Author: Vivian Timon

My name is Dr. Vivian Timon. I am a scientist by training and have worked in AN Foras Taluntais, Ireland, first as a scientist and then as Assistant Director. I spent two years in North Carolina State University as Professor of Genetics. Later I joined The Food & Agriculture Organization (FAO) of the United Nations and ended my 15-year career there as Senior Advisor, Science & Technology. In the year 2000, on retirement, I took a keen interest in Genealogy and Gaelic studies and went back to University (NUIG) to study the Gaelic language. During the past few years, I have built a Timon Family Tree now embracing over 1400 persons over more than 10 generations and published several articles relating to Genealogy and the History of the Timon Family in Irish and in English.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *