Lá le Pádraig

Pádraig Ó Tiomáin

Patrick Timon, my father, on retirement from Fairymount NS.

Lá mór, sa bhaile agus i gcéin, is ea Lá ‘le Pádraig. Lá Saoire Náisiúnach na hÉireann. Deirtear gach bliain go mbíonn gach comóradh, idir mórshiúlta agus taispeáint, níos mó, níos fearr agus níos taibhsí ná aon bhliain roimhe.

Ré na léirsithe agus na siúlta móra atá ann inniu agus tá mé ag ceapadh gur beag an tionchar a bhíonn ag cuid acu ar na cúiseanna a spreagann iad. Ach níorbh amhlaidh do mhórshiúil a bhí i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1903. Ba stairiúil an mórshiúl é. Rinne sé Lá Saoire Náisiúnach de Lá le Pádraig don chéad uair.

Ba é Conradh na Gaeilge a bhí i mbun a eagraithe. Ar ndóigh bhíodh siúlta móra agus paráidí ag an gConradh ar an 17ú lá de Mhárta roimhe sin ach ní bhíodh an lá ina lá saoire agus beag aird ná bean a bhíodh ag formhór mhuintir na cathrach orthu ach oiread. “Lá na Gaeilge” a thugtaí ar an lá gach bliain.

Sa bhliain 1903 a bhí an chéad mhórshiúil gur fiú mórshiúl a thabhairt air. Chruthaigh a thoradh é sin. Roimhe sin ní bhíodh aon rud ag dealú Lá ‘le Pádraig ó laethanta eile na bliana ach seirbhísí na hEaglaise ar maidin. Sa bhliain sin chinn Conradh na Gaeilge lá saoire a dhéanamh den lá. Rinne gach ball de Chonradh na Gaeilge cion fir. Chuadar thart ina ndreamanna ar fud na cathrach roimh ré ag seanmóireacht agus a rá go gcaithfeadh na tábhairní a bheith dúnta an lá sin chun go mbeadh lá saoire ag a lucht oibre agus gan ócáid mheisce a thabhairt do dhaoine. D’achainigh siad na siopadóirí a siopaí a dhúnadh ar an 17ú lá de Mhárta freisin.

Bhí fógraí ar fud na cathrach ag iarraidh ar na daoine, “Ná déanaigí obair,

ná déanaigí siopadóireacht, ná déanaigí ól Lá ‘le Pádraig”. Ní raibh aon súil go n-éireodh chomh maith leis an gConradh. Ach d’éirigh. Dúnadh an chuid is mó de na siopaí go mór mór na tithe óil.

Tháinig “Lá na Gaeilge” agus an mhórshiúil. Tharla gur Conradh na Gaeilge a d’eagraigh é bhí baill an Chonartha ar thús cadhnaíochta sa siúl. Ina cheannaire orthu agus ag siúl cúpla slat amuigh rompu bhí Uachtarán an Chonartha , Roscomáineach, darb ainm Dubhglas de hIde (Uachtarán na hÉireann 1939-1945). Bhí fear óg ar dhuine de na marascail an lá stairiúil sin. Pádraig Mac Piarais an t-ainm a bhí air. (Seachtain roimhe sin a thóg an Dochtúir de hIde an Piarsach mar Eagarthóir ar an “gClaidheamh Solais”).

Bhí bratacha á n-iompar in airde ag na dreamanna éagsúla a bhí páirteach sa pharáid ag comhairliú do lucht féachaint ar na cosáin: “Labhair Gaeilge”, “Gan teanga gan tír”, “Ceannaigh earraí Gaelacha”, etc. Dúradh go raibh an oireadh daoine amuigh ar an lá sin is a bhí lá sochraide Parnell.

Dúirt na páipéir nuachta an lá dár gcionn gur mhair an siúl mór uair is cúig nóiméad déag ag dul thar Oifig an Phoist – na daoine ag siúl go mear agus cúigear le chéile gualainn le gualainn i ngach líne acu. Ar aghaidh leo tríd an chathair agus nuair a shroicheadar Páirc Gabhann (Smithfield) bhí cruinniú gearr. D’admhaigh na nuachtáin nach bhfacthas cruinniú chomh mór leis i mBaile átha Cliath riamh roimhe. Triúr a labhair – An Craoibhín ar an gcead duine acu. Ina theannta sin labhair Ristéard Hazleton ón gCarraig Dhubh agus Tomás Ó Domhnaill, Feisire (an t-aon M.P.) den Irish Party ag an gcomóradh an lá sin. Loic Seán Réamonn agus Liam Ó Briain!! Níor fhéad siad bheith ann, mar dhea?

Ní gá dom a rá gur i nGaeilge a labhair An Craoibhín. Tabharfaidh mé sleachta as na hóráidí. “Déanfaidh an lá seo dhá rud; cuirfidh sé scanradh ar ár naimhde agus tabharfaidh sé misneach d’ár gcairde. A thrí nó a cheathair de bhlianta ó shin bhí ár gcairde gann agus ár naimhde iomadúil, ach inniu , buíochas le Dia, tá ár gcairde iomadúil…….Nílimid ag troid le duine ar bith ach leis na daoine atá ag troid linn, agus dar mo láimh, tá mé a’ ceapadh, tar éis an lae inniu, nach mbeidh mórán acu sin le fáil ….”.                   

“Cé hiad atá ag tabhairt onóra mar ba chóir do Naomh Pádraig agus ag iarraidh lá saoire a dhéanamh don lá seo….?”

“Cé hiad atá ag iarraidh gach rud a dhéantar in Éirinn a cheannach……?”

“Cé hiad atá ag troid in aghaidh an iomarca óil…..?”

“Cé hiad atá ag iarraidh ár dteanga féin a fhoghlaim agus a labhairt?”

“Cé hiad atá ag cur amach leabhair nua Gaeilge in aghaidh gach seachtaine ….. ag tabhairt litríochta agus stair do mhuintir na hÉireann…..?”

“Agus an t-aon fhreagra ar gach uile cheist: Sibhse, a lucht éisteachta; sibhse na Gaeilgeoirí. Leanaigí don obair. Tá sibh ag Tógáil Náisiúin. Ná ligigí na huirlisí as bhur lámha agus Bail Ó Dhia ar an obair.” Bualadh bos ar feadh 15 nóiméad.

Labhair an Feisire, Tomás Ó Domhnaill, i nGaeilge freisin. Dúirt sé gur léir go raibh Éire ag dúiseacht, go raibh dóchas agus misneach nua i gcroíthe na ndaoine. I mBéarla a labhair Risteárd Hazleton. Dúirt sé gur thaispeáin muintir na cathrach agus muintir na tíre go léir a bhí i láthair ar an lá sin go rabhadar ceangailte leis an rún daingean a rinneadar – teanga na hÉireann a shábháil. Dúirt sé, freisin, go raibh Lá Saoire Náisiúnta déanta de Lá le Pádraig an lá sin.

B’fhíor do. Tamaillín ina dhiaidh sin cuireadh dlí tríd an bParlaimint i Westminister ag déanamh Saoire Ginearálta de Lá Fhéile Pádraig agus cuireadh sreangscéal chuig an Dochtúir de hIde ó Londain lena chur in iúl do.            

  

Foilsithe ag Pádraig Ó Tiomáin, sa Irish Press, faoi Mhárta 17, 1973.

 

 

Author: Vivian Timon

My name is Dr. Vivian Timon. I am a scientist by training and have worked in AN Foras Taluntais, Ireland, first as a scientist and then as Assistant Director. I spent two years in North Carolina State University as Professor of Genetics. Later I joined The Food & Agriculture Organization (FAO) of the United Nations and ended my 15-year career there as Senior Advisor, Science & Technology. In the year 2000, on retirement, I took a keen interest in Genealogy and Gaelic studies and went back to University (NUIG) to study the Gaelic language. During the past few years, I have built a Timon Family Tree now embracing over 1400 persons over more than 10 generations and published several articles relating to Genealogy and the History of the Timon Family in Irish and in English.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *