Na hEacha sióga as Aughacurín

Vivian Ó Tiomáin

Vivian Ó Tiomáin

Sa bhaile beag darb ainm Aughacurín, Bealach A Dóirín, bhí lochán nó loch an bheag darb ainm ‘Poillín a Bhric’. Dúradh go raibh sé ceangailte le habhainn faoi thalamh atá ag gabháil ó thuaidh go ‘Tobar Lissian’, ceithre míle nó mar sin ó Aughacurín.

Is le feirmeoir darb ainm Ó Gallaghóir an talamh ina bhfuil an lochán seo.  Deirtear gur lochán an mhaith é le haghaidh breac agus éisc eile fiú amháin níl sé níos mó ná tríocha slat ar leithead.

Roinnt blianta ó shin, bhí láir an deas ag seanathair Ó Gallaghóir. De ghnáth, bhíodh sí ar féarach í dtalamh in aice an locháin. Bhí an talamh an-féarach in aice leis an lochán. Geimhreadh amháin, bhí iontas air mar bhí an láir shearraigh agus níor thug sé í go dtí an stail agus bhí sé cinnte nach raibh aon stail i ngar dí. I dtosach an earraigh bhí searrach deas ag an láir. Bhí an feirmeoir í gcruachás ar fad. An bhliain ina dhiaidh sin, bhí searrach eile ag an láir agus bhí an feirmeoir i gcruachás mór uair amháin eile.

Bhí cosúlacht mhaith ag an gcéad searrach agus bhí cuma air go raibh braon den fhuil mhór inti. Sa tríú bliain bhí searrach eile ag an láir. Bhí an feirmeoir í gcruachás níos mó ag an am seo agus labhair sé le seanduine a bhí i ngar dó.

Ní raibh iontas ar bith ar an seanduine. “Ná bíodh buairt ort” arsa an seanduine; “bíodh bródúil mar i gceann tamaill beidh an capall is fearr sa tír agat”. Nach bhfuil a fhios agat go n-éiríonn na capaill síoga as ‘Poillín a Bhric’ gach oíche ag lorg féarach. Níor chuala Ó Gallaghóir an scéal sin cheana acht anois chreid sé gur fíor é mar bhí na searraigh aige ansin le feiceáil.

Chuir an seanduine fainic ar Ó Gallaghóir gan cur  isteach ar na capaill síoga nó bheadh sé brónach. Fear óg ab ea Ó Gallaghóir ag an am sin agus bhí dúil mhór aige agus ag a deartháireacha i gcapaill agus bhí siad ábalta capall allta a smachtú i gceann tamaill bhig. D’inis sé an scéal faoi na heacha síoga dá a dheartháireacha. Shocraigh siad go ndéanfaidís faire na hoíche ag uainíocht ar a chéile, an t-earrach ina dhiaidh sin.

Oíche amháin, bhí duine den na deartháireacha ag faire san airdeall. Ar uair an mheán oíche chuala sé capall ag seitreach i ngar do ‘Poillín a Bhric’. Bhí fhíos aige go raibh an láir agus na searraigh ar féarach céad slat nó níos mó ón áit a raibh sé ina sheasamh. Thug an láir agus na searraigh freagra don tseitreach a chuala siad.

Choinnigh an fear óg súil ghéar ar an lochán agus chonaic sé each dubh fíor álainn le fionnadh lonrach ar féarach in aice an lócháin agus bhí an láir agus na searraigh ag dul ina threo. Go díreach ina dhiaidh sin, ghlaoigh sé ar a dheartháireacha, chuir siad téada le chéile agus thosaigh siad ag rith go dtí an lochán chun an t-each agus an lochán a choinneáil óna chéile.

 

Cheap siad go mbeadh siad ábalta an t-each a thógáil. Tar éis tamaill, tháinig an t-each i dtreo an locháin, agus ag an am céanna nuair a d’iarr siad greim a fháil air, léim sé os a gcionn agus rinne sé seitreach fhiáin. Léim sé isteach sa lochán agus snámh sé go dtí an lár. Lean sé ag seitreach go dtí gur tháinig na trí shearraigh faoi a dhéin do agus a chosa in airde leo. Tumadh sa lochán iad agus an láir ina ndiaidh. D’imigh siad as radharc sula raibh fios ag na buachaillí cad a bhí ag tarlú.   

 

Bhí siad an brónach agus céasta. An lá arna mhárach d’inis Ó Gallaghóir an scéal don seanduine. “Nach ndúirt mé leat gan cuir isteach ar na capaill sin agus go mbeadh saibhreas an tsaoil agat astu” arsa an seanduine. Tóg do dhiallait agus do shrian anois agus imigh síos go ‘Lissian Well’. “Tá gach seans go n-éireoidh leat do láir a fháil acht ní fheicfidh tú na searraigh arís go deo”.  Rinne Ó Gallaghóir mar a dúirt an seanduine agus fuair sé an láir ar féarach ar bhruach na habhann in aice ‘Lissian Well’. Ní raibh rian ar bith ar na searraigh agus as sin amach ní fhaca duine ar bith an t-each álainn i ‘Poillín a Bhric’.

 

Aistrithe le Vivian Ó Tiomáin ón leagan béarla.            

 

 

 

Author: Vivian Timon

My name is Dr. Vivian Timon. I am a scientist by training and have worked in AN Foras Taluntais, Ireland, first as a scientist and then as Assistant Director. I spent two years in North Carolina State University as Professor of Genetics. Later I joined The Food & Agriculture Organization (FAO) of the United Nations and ended my 15-year career there as Senior Advisor, Science & Technology. In the year 2000, on retirement, I took a keen interest in Genealogy and Gaelic studies and went back to University (NUIG) to study the Gaelic language. During the past few years, I have built a Timon Family Tree now embracing over 1400 persons over more than 10 generations and published several articles relating to Genealogy and the History of the Timon Family in Irish and in English.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *