Portráid de Theaghlach Ó Tiomáin (Leagan gearr)

Vivian Ó Tiomáin

 

Vivian Timon

Tá fianaise scríofa go raibh an teaghlach, Ó Tiomáin, lonnaithe i dTí Baethin i 1700 (Elphin Diocesan Survey, 1749); ar an taobh eile, tá fianaise láidir scéalta go raibh an teaghlach ina gcónaí sa pharóiste, Tí Baethin, chomh fada siar leis an mbliain 500 (Edward Timon, 1918). De bhrí go bhfuil an sloinne, Ó Tiomáin, focal ón gCeiltis ní hé sin is é a rá go bhfuil an teaghlach Ó Tiomáin Ceilteach; ach b’fhéidir go bhfuil sé fíor.  Is é spéis áirithe go dtógann aistriú an fhocail Ó Tiomáin i mbéarla an míniú céanna is atá i a lán teangacha Eorpacha.  An míniú atá air ná tiomáinim, stiúraim, nó fear stiúrach.

 

Tá an míniú ceanna ar an sloinne Ó Tiomáin sa bhFraincís (Timonier), Spáinnis (Timonel), Catalan (Timoner), Galician (Timoneiro), Portaingéilis (Timoneiro), Iodáilis (Timoniere), agus Gréigis (Τιμων); i dteangacha éigin eile in  Oirthear na hEorpa (Slóvacach,  An Ungáir agus An Albáin) agus teangacha An Bhailt tá fréamh an fhocail ‘ fear stiúrach’ Timon, sa leagan béarla. Tá an sloinne Ó Tiomáin coitianta sa Fhrainc, An Spáinn, An Iodáil (Tuaisceartach) agus an-choitianta ar fad i bpáirteanna den Ghréig, An Bhulgáir, An Romháin agus An Ungáir agus freisin i nGleann na Réine i ndeisceart na Gearmáine agus An Ostair. Is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil na tíortha seo scaipthe ar chúrsa an imirce cheilteach trasna na hEorpa i rith tréimhse Le Téne (500 – 700 BC), tar éis a bheith faoi líon mór daoine le linn tréimhse Hallstatt. Nuair a scaradh na Ceiltigh trasna na hEorpa chuir siad fúthu in a lán tíortha trasna na Mór-roinne agus chuir siad ar bun cultúr ceilteach éagsúla sa  Fhrainc agus sa Spáinn i dtosach bliana an chéad aois. Scaradh dreamanna éagsúla go dtí An Bhreatain Mhór agus Éire faoi dhéin na tréimhse deiridh a imirce. Tháinig a lán Ceiltigh go hÉirinn as An Spáinn. 

 Tá sé suimiúil a thabhairt faoi deara gurb é béasa agus bealaí na gCeilteach sloinne a thabhairt ar theaghlaigh a raibh baint leis an obair a rinne siad. Mar sin de, scairteadh teaghlaigh nó líon tí a d’oibrigh mar fhir stiúrtha nó tiománaí an sloinne Timon. Ag an am sin, roimh aireagán an chompáis, chaitheadh  fir stiúrtha nó tiománaí a bheith éirimiúil agus eolach mar chaitheadh siad stiúradh agus teorainn a leagadh amach ag úsáid a gcuid eolais ar eolaíocht na réaltaí agus leagan amach coibhneasta na gealaí agus na réaltaí:  ‘stellar positioning’ mar a deirtear a theastaigh scileanna áirithe uathu. Mar sin de, teaghlaigh ar a dtugadh an sloinne Ó Tiomáin chaithfidís a bheith fíor-éirimiúil amach is amach. 

 Tá sé dealraitheach san iomlán go bhfuil bunús ceiltigh ag an sloinne Ó Tiomáin agus gur éirigh an sloinne Ó Tiomáin as an nós ceiltigh sin; féach ar Ó Tiomáin litrithe san aibítir Oghamchraobh san alt “A Portrait of the Timon Family”. An comhthoradh den téis seo ná nach bhfuil aon ghaol fola idir  mórán teaghlaigh ar ab ainm Ó Tiomáin, i mórthír na Eoropa, sa Bhreatain Mhór, nó in Éirinn.        

 An Sloinne Teaghlaigh Ó Tiomáin in Éirinn 

Tá sé scríofa sa seachtú agus ochtú déag aois go raibh Tiomáiní ina gcónaí i lár Ulaidh (Contae Fhear Manach agus An Cabhán), i lár Laighean (Cill Mhantáin, Cill Dara agus Ceatharlach) agus Connachtach; ní raibh an sloinne neamhchoitianta i Maigh Eo, Sligeach agus Ros Comáin. Tá sé suimiúil a thabhairt faoi deara gur tháinig na Ceiltigh go hÉirinn ag teacht isteach tríd inbhear na Sionainne. B’fhéidir nach é comhtharlú go bhfuil baile agus baile mór i gContae An Chláir agus Contae na Gaillimhe ina bhfuil an sloinne Ó Tiomáin iontu; mar shampla, Ennistimon agus Drumaghtimon i gContae An Chláir agus Áth-Tiomáin i gContae na Gaillimhe.

   

An Teaghlach Ó Tiomáin i dTi Baethin

Maidir le bunús an teallaigh Ó Tiomáin i dTi Baethin tá fianaise imthoisceach agus scéalta go raibh an teaghlach sa pharóiste chomh fada siar go dtí an cúigiú haois; comhtharlaíonn é le teacht Naomh Pádraic san áit agus mainistir a chuir ar bun. De réir dealramh fuair Ti Baethin a ainm ón mainistir sin agus bhí an chéad easpag, darb ainm Baethin, mac de Lallocc, a bhí ina deirfiúr le Naomh Pádraic. Is é ainm Tibohine comhchiallach galldaithe den sean-bhaile gaelach darb ainm Tigh Baethin. Tá alt forleathan ar stair na háite agus cuairt Naomh Pádraic ann scríofa ag Eamonn Ó Tiomáin (1918). Tá scéal na háite a bplé go mion san alt sin go bhfuil gach aon dealramh go fuair sé an t-eolas óna thuismitheoirí – ó ghlúin go glúin mar a deirtear. Mar sin de, b’fhéidir go bhfuil an teaghlach Ó Tiomáin i dTi Baethin ón gcúigiú haois. Cuireann an réaltacht gur oibrigh Tiomáiní an talamh cois na mainistreach agus a fothracha,  faisnéis eile go raibh an teaghlach i dTi Baethin le fada an lá.

 An Sloinne Ceilteach Ó Tiomáin san aibítir Oghamchraobh.

      

D’fhorbair na Ceiltigh an chéad aibítir Ogham- chraobh sa chéad aois. Bheadh an sloinne Ó Tiomáin scríofa mar péinteáilte ar an gclé. Léadh focail in Ogham ó bhun go barr. Bhí Ogham an chéad aibítir scríofa in Éirinn, ó thús scríofa ar chlocha chun céannacht a chuir ar áiteanna a raibh taoisigh nó daoine aithnidiúil curtha i dtalamh. Is beag téacs má tá ceann ar bith fágtha anois.

Maidir leis an teallach Ó Tiomáin i dTi Baethin tá fianaise scéalta gur bhunadh an teallach sa Spáinn agus gur Ceiltigh aba iad; tá an tuairisc seo bunaithe ar scéalta síneadh anuas taobh istigh den teallach; ó ghlúin go glúin mar a deirtear. Sa chomhthéacs seo, is gá a thugadh faoi deara go raibh dhá phríomh-imircí Ceiltigh go hÉirinn, ceann amháin roimh agus i rith tréimhse an Hallstatt, agus ceann eile i rith na gcead aoiseanna den míle bliain (Chadwick, 1971). Tá sé bunaithe freisin gur tháinig na Ceiltigh go hÉirinn thar an fharraige agus gur bhain siad Éire amach tríd inbhear an tSionainn. B’fhéidir nach bhfuil sé comhtharlú go bhfuil baile agus baile mór i gContae An Chláir agus Contae na Gaillimhe ina bhfuil an t-ainm Ó Tiomáin inti; mar shampla, Inis Tiomáin agus Dromagh Tiomáin i gContae An Chláir agus Áth-Tiomáin i gContae na Gaillimhe. B’fhéidir gur thugadh leithscéal faoin mórán Ceiltigh i gCúige Connacht, go mór mór i dtosach. Is rud é a thuiscint gur chuaigh a lán Ceiltigh go Sasana agus go bhfuil an t-ainm Ó Tiomáin coitianta go hiomlán san an Bhreatain Mhór, pé go litrítear an t-ainm Tymon. B’fhéidir gur tháinig cuid Ceiltigh go hÉirinn as na imircí seo freisin.

 Timon Of Athens – A Sceptic!

Faoi láthair, níl an sloinne Ó Tiomáin neamhchoitianta trasna na hEorpa,  sa Meiriceá agus an Astraláise. I dtosach an 20ú haois an sloinne a inimircigh don na Stáit Aontaithe is mó coitianta ná Ó Tiomáin. Tháinig a lán acu as Éirinn, An Ghearmáin agus an Eoraip Theas. B’fhéidir an fear is iomráiteach a d’iompair an sloinne Ó Tiomáin ná ‘Timon of Athens’. Gréagach aba é. Bhuanaigh Shakespeare é san an dráma ‘Timon of Athens’ nuair a thug sé cuntas air mar Uasal Ataenach a bheith in anchaoi agus a tháinig chun bheith aonaránach nó b’fhéidir míchaidreamhach. Dáiríre, de réir cuntais stairiúla bhí meas mór ar Timon of Athens mar fhealsamh Gréagach agus lena mhúinteoir Pyrro chuir sé ar bun The Sceptics Academy of Philosophy sa Ataen. Rugadh é i Phlius sa bhliain 320 RC agus uaireanta cuirtear síos do mar ‘Timon of Phlius’.

 Mar Sceipteach cheistigh Timon of Athens creideamh Sócraitéas agus Plato a bhí bunaithe ar theoiric déaduchtaithe (Russel, 2004). Is é bunbhrí an argóint gur cheistigh sé go géar a dhéanadh amach an coincheap Dia agus Diagacht. Chruthaigh Timon go gcaithfidh creideamh a bheith bunaithe ar mhíorúilt a tógadh faoi deara – pointe atá glacadh ag eolaí inniu. Dá réir sin, chruthaigh sé gur an t-aon chaoi a mhaireachtáil an fealsamh  go suaimhneach ná crochadh as breithiúnas agus neamhshuim ar de réir dealraimh.

 B’fhéidir nach bhfuil é seo bainte le ginealach an teaghlaigh Ó Tiomáin; déanaim tagairt de sa chomhthéacs nach bhfuil an creideamh céanna ann agus chomh láidir ag an gclann Ó Tiomáin inniu agus a bhí fadó.

 Cinnte, ba é Caitliceach an córas creidimh a bhí ag an teaghlach Ó Tiomáin i dTigh Baethin ón 18ú haois go dtí inniu. Go deimhin, bhí roinnt den teaghlach gníomhachtaithe san Eaglais Chaitliceach mar shagairt nó mná rialta nó ina theannta sin mar ghníomhaithe neamheaglaiseach sa pharóiste.

Go mífhortúnach, is beag cuntais tuairisciúil ar an teaghlach acht The Elphin Diocesan Survey (1749), The Applotments Survey (1825 – 1834) agus The Griffiths Land Evaluation Survey (1850’s). Deimhníonn na trí shuirbhéireacht gur feirmeoirí tionónta aba iad agus gur le Lord De Freyne an talamh tart timpeall Tigh Baethin. Cé go raibh an chuid is mo de na feirmeacha an bheag, taispeánann  an tsuirbhéireacht, The Applotments Survey, go raibh feirm Ó Tiomáin an fheirm is láidre sa pharóiste. Ní hé sin a rá go raibh na táinte acu.

An Teaghlach Ó Tiomáin sna Laethanta Peannaideach

Chónaigh an chéad aois de theaghlach Ó Tiomáin a bhí curtha i gcuntais sna laethanta peannaideach, an tréimhse ó 1695 nuair a bhí na dlíthe tugtha isteach ar dtús go dtí 1782 nuair a bhí dlí achtú  chun tús a chuir ar aisghairm na dlíthe. Bhí an t-am seo an dheachair le teaghlaigh caitliceach in Éirinn mar bhí a gcearta giorraithe go dona. Ar an gcéad dul síos, ní raibh cead acu a reiligiún caitliceach a fhoghrú nó a cleachtadh nó múineadh nó freastal ar scoil chaitliceach.

 Ní raibh cead acu, ach an oiread, úinéireacht a thabhairt amach ar mhaoin phearsanta nó ar chapall de luach níos mó ná cúig phunt. Ach an oiread, ní raibh cead acu iarratas a chur isteach ar phost oifigiúil murar mhionnaigh siad go raibh Caitliceachas bréagach. Tá sé soiléir go mbeadh sé an dheachair do Micheál Ó Tiomáin, fiú amháin a cheartú a ligeadh uaidh acht ag an am céanna airgead a thabhairt don Teampall Protastúnach. An t-aon chuspóir de Elphin Diocesan Survey (1749) ná ainmneacha de na feirmeoirí is láidre sa pharóiste a aithint agus as sin síntiús bliantúil a thabhairt don Teampall Protastúnach.

  An saol i dTigh Baethin sna 18ú agus 19ú hAoiseanna 

Coinníollacha Sláinte agus Beatha

Bhí tithe cónaithe de na feirmeoirí tionónta an bheag agus gortach san 18ú agus 19ú haoiseanna (Young 1776/77/78), go mór mór nuair a chur tú san áireamh na teaghlaigh mhóra a bhí coiteann san am sin. Bhí trí sheomraí ar an mhórchuid sna tithe beaga nó bothán puiteach (mar a dhéan Young cuir síos orthu) agus bhí fuinneoga beaga oscailte iontu agus ceann tuí. Ní dhearna siad brionglóid  ar uisce sconna nó ar leithris sa teach fiú amháin iad a bheith acu. Fuair siad a n-uisce as tobar poiblí a úsáideadh gach comharsan sa pharóiste. Ní raibh aon seirbhísí sláinte; rinneadh iarracht galar a stiúradh nó a srianadh ag úsáid luibheanna áitiúil agus leigheasanna a síneadh anuas ó ghlúin go glúin. Tá sé soiléir as na cuntais mhortlaíochta nach raibh mórán éifeacht as na leigheasanna sin. Taispeánann cuntais mhortlaíochta breithe go bhfuair 10% – 15% leanaí bás sna 18ú agus 19ú haoiseanna.  Is léir gur fhulaing an teaghlach Ó Tiomáin a lán scalladh croí ag an am sin.   

Rinneadh cócaireacht ar an tine sa chistin; Ba é móin an bunábhar tine. Bhí an tine sa chistin an príomh foinse de theas freisin. Mar sin ba choitianta é go raibh leaba sa choirnéal cois tine; ‘priste’ an t-ainm a bhí ar. De réir na trí thuairiscí thuasluaite agus an Daonáireamh 1901 tá sé soiléir go raibh dhá nó trí thithe beaga ag na teallaigh Ó Tiomáin sa bhaile Tigh Baethin.

Feirmeoireacht  –  An t-aon fhoinse bia.

Bhí feirmeoireacht an bhunúsach san am sin, go háirithe in Iarthar na hÉireann; bhí gach uile rud déanta leis na lámha. Mar bharr ar a mbuaireamh, tugadh athrú ar na  dlíthe a bhí bainte le tiarna talún agus a thionónta agus mar sin de bhí níos mó neamhchinnteacht agus deacracht í feirmeoireacht (Feehen 2003). Dá réir sin, chaithfeadh na teallaigh Ó Tiomáin i dTigh Baethin a bheith ag obair go crua simplí i leith maireachtáil. De réir gach dealraimh, bheadh toradh na talún an t-aon bhia a bhí acu; mar shampla, leite de choirce, bainne, prátaí agus cabáiste agus uaireanta feoil (bagún nó mairteoil) ar laethanta speisialta. Aon airgead a shábhálfaidís, ó stoc nó coirce le díol tar éis an fhómhair, úsáideadh chun an cíos a íoc agus éadaigh agus gléas tí a chéannacht (bheadh tae, siúcra agus plúr in airde ar an liosta seo).

An córas feirmeoireachta a thugadh i gcrích ná stoc (beithígh, caora, agus b’fhéidir muc nó dhó) a thógáil agus prátaí agus coirce a cur saothrú. Ag deireadh an 20ú haois bhí cabáiste agus tornapa i ngnáth-úsáid; bhí gairdín beag ag cuid de na daoine i gcoir glasraí agus b’fhéidir cranna úll. San gnáth-feirm ( 10 acraí nó níos lú) d’fhásfadh cúig acraí prátaí agus 2 -3 acraí coirce. Bhí coirce an tábhachtach mar bharr dhúbailte mar in éineacht  le coirce mar bhia (leite choirce agus arán coirce) bhí an cochán an tábhachtach i dtuíodóireacht na tithe. Rinneadh obair curaíochta ar fad lena lámha; bhí an spád (nó an lái), an shluasaid, an pice, an speal, an crúca agus an súiste na huirlisí is tábhachtach san feirm ag an am sin. Tá sé soiléir go mbeadh roinnt mhór den líon tí ag obair ar an bhfeirm; samhlaíonn an obair atá bainte le 5 acraí de phrátaí

Bheadh an mhóin a bhaint agus a shábháil an tábhachtach gach bliain. Is mór a chur i gcuimhneamh go raibh  an uile chócaireacht déanta ar an tine mhóna. I dtreo deireadh an 19ú haois bhí capaill agus asail ag tarraingt cairteacha, céachtaí, cliatha fuirste agus innill bainte ar na feirmeacha. Ar laethanta speisialta, cuir i gcás ag bualadh an coirce, ag tugadh abhaile an mhóin nó ag tugadh an féar sa chlos, chruinnigh na comharsana le chéile chun cuidiú fear an tí; meitheal an t-ainm a cuirtear air.

 An bia de réir cineáil ar na laethanta seo ná leite mar bhricfeasta agus ‘Col Ceannann’ nó ‘Calaidh’ mar dhinnéar agus prátaí arís sa tráthnóna le bláthach. Bhí an áit chomh sonrach as a prátaí de réir mar a dúirt na spailpíní as Maigh Eo agus iad ar a bhealach soir ag lorg obair:

Fataí san oíche,

Fataí sa lá,

Agus má éiríonn meán oíche,

Fataí do gheobhainn.

   

Ar dtús agus ar fud na staire is é Tigh Baethin an t-ainm ar an bparóiste atá ar eolas anois mar Mhullach na Sí (Timon, 1971). Bhí an teaghlach ÓTiomáin ina chónaí i dTigh Baethin ar dtús acht sa 19ú agus 20ú haoiseanna d’aistrigh cuid den teaghlach go Lios ar Cúl (Patrick Timon 1864 – 1949) agus Liosdrumneil (Patrick Timon 1902 – 1977). Taispeánann an Applotments survey aon Tiomáin i Rathkeary ins na 1820’s agus  Moyne sna 1840’s; tá sé cinnte go raibh gaol idir na Tiomáiní seo agus na Tiomáiní i dTigh Baethin. Bhí agus tá Tiomáiní i Liosdrumneil a bhunadh i Tigh Baethin de réir gach dealraimh. Ag an am seo tá Tiomáiní ina chónaí sa bailte Tigh Baethin, Liosdrumneil agus Grallagh.

 Beatha Sóisialta

Bhí beatha sóisialta an ghortach sa tráth úd. Bhí an teach streachlánach an chruinniú sóisialta sa bhaile beag. Gan amhras, beadh seanchaí  i ngach baile beag agus beadh scéalaíocht faoi thaibhse, an diabhal, síoga  agus an bhean sí an coiteann sa chruinniú sin. Rinneadh ollghairdeas do na scéalta a bhí níos strainséartha agus creathnach. Mar sin féin, bíodh scéalta faoi bhéaloideas agus stair áitiúil agus náisiúnta an thábhachtach sa chruinniú seo mar fhoinse eolais do na daoine óga sa pharóiste. Beadh ceol traidisiúnta gaelach agus damhsa gaelach i láthair sa chruinniú seo  a bhí ar eolas mar dhamhsaí teach sa tuath; sa samhradh bhí na damhsaí lasmuigh ag an gcrosbhóthar. Bhí fios ag muintir na háite ar dhaoine áirithe sa pharóiste a bhí scileanna acu maidir le ceol agus amhránaíocht; bhí meas mór ag na daoine ar amhráin bailéad agus amhránaíocht sna seisiúin seo. Bhí dul ar Aifreann gach Domhnaigh an thábhachtach maidir lena dhualgas caitliceach acht bhí sé cúis chun imoibriú sóisialta a dhéanadh lena comharsana. Thairg na haontaí áitiúla deis thábhachtach chun imoibriú sóisialta  a dhéanadh freisin.  

 Oideachas

Bhí deiseanna oideachais in Éirinn tuaithe san 18ú agus 19ú haoiseanna gann. An chéad uair a tugadh oideachas scoil náisiúnta ar bun ná i 1831 tar éis An Bhoird Coimisinéara a bhunadh. Ar dtús, leagadh amach plean a raibh neamh-shainchreidmheach  acht níor cuireadh i gcrích é go dtí 1860, nó mar sin. Roimh na deireanach 1800’i  ba é scoil cois claí an t-aon ábhar oideachais in Éirinn agus d’íoc na tuismitheoirí múinteoir i ngach baile. Fuair na scoileanna seo a n-ainmneacha, scoil cois claí, mar de ghnáth múin an múinteoir a dhaltaí faoin gclaí nó i scáthlán folamh sa bhaile. Bhí na príomhábhair múinte ná léamh, scríbhneoireacht, uimhríocht agus teagasc Críostaí. Bhí na ceachtanna seo múinte trí Ghaeilge – an teanga labhartha ag na daoine ag an am sin. Cibé ar bith, mhúin a lán teaghlaigh a leanaí sa teach (ó ghlúin go glúin mar a deirtear) agus chuir siad ina luí orthu grá ar fhoghlaim agus gach rud Gaelach maidir le stair áitiúla agus náisiúnta agus ár dteanga. Ina theannta leis an teanga Ghaeilge, mhúin cuid de na teaghlaigh aon béarla a bhí acu i gcásanna a raibh sé soiléir go gcaithfeadh cuid den teaghlach dul thar lear i gcomhair obair a fháil. Tá sé soiléir gur chuir na teaghlaigh Ó Tiomáin i d’Tigh Baethin  a lán béim ar oideachas, go mór mór tar éis an ghorta mhór sna blianta 1850’i agus 1860’i.  Tá sé soiléir freisin go raibh siad eolach ar stair áitiúla mar is léir i gcuimhní Eamon Ó Tiomáin (1836 – 1924) atá foilsithe ag Údarás Béaloideas na hÉireann (1937). 

 An Teaghlach Ó Tiomáin i rith An Ghorta Mór

Go mífhortúnach, ní raibh mé an ann eolas áirithe a fháil ar chinniúint na teaghlaigh Ó Tiomáin tríd an ngorta mór (1846/1847). Ar an lámh eile, tá eolas soiléir ó chuntais daonáireamh go rinne an Gorta Mór scrios mór ar an bparóiste. Laghdaigh an pobal Tigh Baethin ó 3016 go dtí 2122 duine idir 1841 agus 1851 – ísliú de 29.64%. Mar i gcéanna, thit uimhir na dteaghlach ó 522 go 379  –  ísliú de 27.39. Gan amhras, chuaigh cuid de thar lear acht cailleadh an chuid is mó den ocras.

Rinne duine as an bparóiste, Luke Callaghan, cuimhne ghrinn ar an nGorta Mór i Tigh Baethin agus d’fhoilsigh Pádraic Ó Tiomáin an scéal in Údarás Béaloideas na hÉireann (1937). Sa bhailiú céanna tá scéal beag a scríobh R Ní Ghadhra nuair a bhí sí ar scoil i  Tigh Baethin; scéal a chuala sí óna sean-máthair. Cuireann an scéal seo in eolas dúinn an pháirt  a rinne Seán Ó Tiomáin tríd an nGorta Mór ag cur na daoine bochta i dtalamh. 

 Scéal a scríob R. Ní Gadhra i Bailiúcháin na Scoile agus a bhí foilsithe ag Údarás Béaloideas na hÉireann (1937).  

 

“During the famine years there was awful poverty in this part of the country. The people were dying out of face. Then the other people who were any-way middling used to bury them in Tibohine graveyard and when you got up in the morning you would never wonder a bit if you saw a few dead people outside the door after the night.

 They had no way of ways of carriage only a wheel barrow. Someone would get a wheelbarrow and wheel them to the next door and the man in that house to the next door and so on until the corpse would reach a house in Tibohine named Timons. John Timon used to bring them straight to the graveyard and bury them. It used to be dark at night and he hadn’t light but the light of the moon, and when there wasn’t any moon he had the light of a rush.”

 R Ní Gadhra.

 

  Am Léanmhar – Eisimirce

 Am an léanmhar aba é ar ndóigh. Ón scéal thuas tá sé soiléir go raibh an teaghlach Ó Tiomáin an ann bia a chuir ar an tábla ar aon nós. Go díreach, is dócha gur chaill siad a bprátaí ar fad cosúil lena comharsana acht is dócha go raibh cuid coirce acu (bhféidir 5 acraí) agus in éineacht leis na ainmhí a bhí acu bhí a ndóthain bia acu. Cinnte, mhair triúr deartháireacha (Séan, Mícheál agus Eamonn) agus bhí siad ina chónaí i dTigh Baethin beagnach ar an 20ú haois. Molann daonáireamh Briotanach gur chuaigh beirt dheartháireacha go Sasana agus chuir siad suas i Derbyshire.  B’fhéidir gur chuaigh a lán Tiomáiní eile thar lear sa 19ú haois go dtí Meiriceá no go dtí An Bhreatain Mhór acht níl aon eolas againn fúthu. Tá eolas againn faoi na Tiomáiní a rugadh i dTigh Baethin tar éis 1830 mar tá na cuntais  i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath. 

 Is dócha freisin gur bogadh cuid de na Tiomáiní i dTigh Baethin suas go Liosdrumneil mar pháirt den Famine Relief Programme. Taispeánann The Griffith’s Land Evaluation records go raibh cúig Theaghlach Ó Tiomáin i Liosdrumneil sa bliain dheireanach 1850i acht ní raibh aon teaghlach Ó Tiomáin sa bhaile i 1820i. I gceann de na Famine Relief Programmes dáileadh roinnt bheag talamh agus tugadh ceart do thionóntaí as Tigh Baethin móin a bhaint i bportach Liosdrumneil. Dá bhrí sin, tá gach aon chúis a chreideamh go bhfuil cuid gaol idir na Tiomáini i Liosdrumneil agus na Tiomáiní i dTigh Baethin; go mór mór an teaghlach de Mícheál Ó Tiomáin. Tá ceart fós ag an teaghlach Ó Tiomáin i dTigh Baethin móin a bhaint sa phortach i Liosdrumneil. Ar an lámh eile, tá fianaise gur tháinig an dara teaghlach Ó Tiomáin (Frank Timon’s) as Maigh Eo ag an am céanna.    

 Polaitiócht agus An teaghlach Ó Tiomáin

Níl beagán fianaise gur casadh an teaghlach Ó Tiomáin go díreach le polaitíocht san 18ú nó sa 19ú haoiseanna. Go deimhin, bhí fáscadh polaitiúil agus cultúr bainte de na daoine chomh mór sin, agus go mór mór sna laethanta peannaideach, nár fáisceadh a mhothú polaitiúil nó cráifeach cor ar bith. Ar an lámh eile, bhí sé tuigthe go soiléir go raibh an teaghlach gaelach i ndearcadh agus an teanga agus thuig siad leis na Fíníneachas agus Conradh na Talún. Acht mar i gcéanna le go leor teaghlaigh in Éirinn ag an am sin chuaigh cuid Tiomáiní san RIC agus an DMP agus chuaigh Tiomáiní éigin thar lear agus d’oibrigh siad san Constáblacht Bhriotanach.

 Bhí sé sin sothuigthe mar ní raibh mórán obair le fáil in Éirinn ag an am sin. Acht tar éis an Éirí Amach Dé Domhnaigh Cásca athraigh a lán den teaghlach i dtreo Poblachtachais.

Go mór mór m’athair, Pádraic Ó Tiomáin (1902 – 1977); tháinig sé chun bheith ball den IRA  nuair a bhí sé ina mac léin ag foghlaim ábhar dochtúra. Taispeánann an scéal seo a leanann, mar a dúirt Nora Timon (1916 – 2007) liom,  an chaoi a ndearna dílseacht teaghlaigh ionracas le dílseacht pholaitiúil.

Ar thaobh amháin, chuir athair Nora, (John Timon), isteach sa RIC 1 1888 agus d’oibrigh sé i dTiobraid Árann, i nGaillimh agus Maigh Eo, áit ar cuireadh chun cinn é i 1912. Ar an taobh eile, thóg m’athair ball den IRA sa bhliain 1919.                        

 

 

Diaspóra 18ú agus 19ú hAoiseanna

 Tá  sé cinnte gur chuaigh a lán Tiomáiní as Tigh Baethin thar lear san 18ú agus 19ú haoiseanna. Bhí deichniúir nó cúig pháistí déag i ngach teaghlach agus bhí easpa oibre chomh donna sin gurb imirce an t-aon slí amach don chuid is mó de na daoine óga. Tá sé an dheachair cuntais áirithe a fháil ar na himircí seo acht tá sé tuigthe go soiléir ag comhaltaí an teaghlaigh gur chuaigh a lán comhaltaí thar lear go Sasana nó Meiriceá. Ag breithniú ar 19ú haois daonáireamh  sa An Bhreatain Mhór nó Meiriceá,  tá sé soiléir gur chuaigh a lán Tiomáiní as Ros Comáin thar lear acht níl eolas sna cuntais maidir leis an bparóiste inar rugadh siad. Acht tá léire ann gur tháinig cuid acu as Tigh Baethin nuair a léamh tú na hainmneacha Críostúil a úsáidtear; ainmneacha mar Michael, Edward, John agus Patrick ar na buachaillí agus Catherine, Margaret, Mary agus Winifred mar ainmneacha ar na cailíní. Tá sé réasúnta teacht ar an tuairim gur bunadh teaghlaigh mar seo as Tigh Baethin, agus go mbeadh gaol leis na Tiomáini i Tigh Baethin. Acht ag an am seo níl aon chinnteacht  ann agus mar sin níor chuir mé iad sa Chrann Teaghlaigh Ó Tiomáin. B’fhéidir nuair a fheabhsófar inneall cuardaigh beidh muid an ann na teaghlaigh seo a ionannaithe.             

Ar an lámh eile, is féidir ginealach a chine siar go Tigh Baethin leis a lán teaghlaigh sa Bhreatain Mór agus Meiriceá  agus mar sin de a lán tíortha trasna an domhain. Tá níos mó ná dhá mhíle daoine ar Ghéaga Ginealaigh Ó Tiomáin faoi láthair; tá gaol fola ag an gcuid dóibh leis na Tiomáiní i dTigh Baethin. Is cuma conas a thaisteal siad bhí turas deachair acu ó Tigh Baethin go Meiriceá nó go dtí An Bhreatain Mhór ar a laghad. Is tábhachtach a gcuimhneamh gur an t-aon mhodh taistil a bhí acu ná taisteal poiblí a tharraingeodh cóiste capaill. De ghnáth thóg an taisteal trí nó ceithre lá go Baile Átha Cliath. Tar éis sin  chuaigh díreach go An Bhreatain Mhór nó Meiriceá agus thóg an taisteal sin trí nó ceithre seachtaine. Ní ionadh nach dtiocfadh siad ar ais; an chuid is mó acu.

 Cuntais Achomair de Theaghlaigh Ó Tiomáin

sé soiléir ó mo thaighde gur teaghlach an tugtha chun cruinne, teaghlach inniúil agus daoine dlúsúil aba na Tiomáiní. Níl sé socair a saolta a léiriú trasna ceithre aois agus ní mó ná sin níl a fhios agam na deacra a bhí acu tríd a saolta ná bhfuil fios agam ar a ngníomhartha nó a dteipeanna. Acht mhair siad troime na péindlíthe agus scrios an gorta mór agus naoi n-aoiseanna ina dhiaidh sin tá siad ag feirmeoireacht sa Tigh Baethin; éacht tábhachtach ann féin. Acht níl sé sin an iomláin. Inniu tá teaghlaigh Ó Tiomáin rathúil trasna na hÉireann, sa Bhreatain mhór, sa mhórthír an Eoraip, i Meiriceá agus san Astraláise a bhfuil ginealach a chine acu siar go Tigh Baethin.                                   

  Go príomhúil, is cosúil go raibh an teaghlach Ó Tiomáin sláintiúil san iomlán trí na haoiseanna. Theip mé fianaise a fháil go raibh aon tograch ginealaigh do thinneas nó éagruth sa teaghlach. Dhealródh an scéal freisin go raibh na fír tréan, láidir agus dea-dhéanta agus tríd is tríd dathúil. Chuir Nora Ní Thiomáin ( 1916 – 2007) síos ar na fír Ó Tiomáiní mar seo a leanas: “Bhí siad ard, tréan, dathúil, bíogúil agus beagán tugtha don deoch cuid acu”.  Níl mé an ann a rá gur cuidiú mo thaighde leis an méid a dúirt sí; gan amhras, bhí fadhbanna dí ag beagán acu agus sin é. Acht tá sé fíor gur cailleadh an oiread sin daoine óga Ó Tiomáiní san 18ú agus 19ú haoiseanna trasna na hÉireann agus sa An Bhreatain Mhór. Níl agam acht beith ag ceapadh gur tuberculosis an phríomhchúis do na básanna roimh am; bhí tuberculosis forleathan trasna na hÉireann agus An Bhreatain Mhór ag an am sin. Gan amhras, cosúil leis an chuid is mó de teaghlaigh eile bhí a ndóthain bróndrámaí acu – oil a fhágadh san almóir.                             

Maidir le deis oibre agus na gairmeacha léannta tá sé soiléir go bhfuil cuntas an teaghlaigh Ó Tiomáin go maith. I dtosach, feirmeoirí aba iad agus tá cuid den teaghlach ag feirmeoireacht i Ros Comáin fós. Acht ba mhór dóibh  béim a chuir ar oideachas, go mór mór tar éis an ghortha mór. Chuaigh a lán Tiomáiní (buachaillí agus cailíní) go coláiste oiliúna chun céim a bhaint amach mar mhúinteoirí. Ba ríthábhachtach leo ceird na scríbhneoireachta mar is soiléir as na sínithe sna cuntais daonáireamh 1901. Lean an bhéim  ar oideachas sna haoiseanna níos faide anonn sna teaghlaigh Ó Tiomáin i Meiriceá, An Bhreatain Mhór agus Éire.

Tríd an 20ú haois gabhadh baill den teaghlach Ó Tiomáin i ngach ceird atá ann; oideachas, eolaíocht, leigheas, innealtóireacht, gnó, airgeadas, lónadóireacht, sábháilteacht, na meáin agus na healaíona. Bhain go leor acu buaic na hardréime sna proifisiúin a toghadh siad. Cuireadh cuid acu gnóthaí rathúil ar bun trasna na mblianta. Níl an treoshuíomh teaghlaigh i dtreo sagartacht agus ord beannaithe a bhí starraiceach sa 20ú haois chomh sonrach is a bhí. B’fhéidir go bhfuil an sceipteachas Timon of Athens a athnochtadh aníos!!

                              

 

 

 

 

 

Author: Vivian Timon

My name is Dr. Vivian Timon. I am a scientist by training and have worked in AN Foras Taluntais, Ireland, first as a scientist and then as Assistant Director. I spent two years in North Carolina State University as Professor of Genetics. Later I joined The Food & Agriculture Organization (FAO) of the United Nations and ended my 15-year career there as Senior Advisor, Science & Technology. In the year 2000, on retirement, I took a keen interest in Genealogy and Gaelic studies and went back to University (NUIG) to study the Gaelic language. During the past few years, I have built a Timon Family Tree now embracing over 1400 persons over more than 10 generations and published several articles relating to Genealogy and the History of the Timon Family in Irish and in English.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *