Stair de Thigh Baethin

Vivian Ó Tiomáin

 

Vivian Timon

Is é Tigh Baethin ceann den pharóiste is sine in Éirinn. Tá sé i dtuaisceart Ros Comáin idir Dún Gar agus Bealach A Doirín. Faoi láthair, is paróiste beag é acht sa seanreacht bhí sé níos mó ag síneadh ó Mhainistir na Buaile go Caisleán Riabhach ar thaobh amháin agus ó Dhún Gar go Baile na hAbhann, i gContae Mhaigh Éo, ar an taobh eile. 

Fuair Tigh Baethin a ainm ón mainistir tógtha ag Easpag Baethin ar a thuras ó Chruacha (seacht míle taobh thoir de Thigh Baethin) go Maigh Éo.  Bhí aistear Naomh Pádraic agus a chomrádaí tríd gleann Tigh Baethin. Ar a mbealach siar tríd an ngleann chonaic siad coimhlint fhuilteach idir beirt thaoisigh a bhí ag troid mar is gnáth faoina tréada. Bhí an pháirc ina raibh an troid ar siúil dearg le fuil agus bhí a lán daoine marbh nó ag fáil bháis ar an dtalamh.  Go dtí an lá atá inniu ann, an t-ainm a chuir na sean daoine ar an mbaile sin ná Gort na Fola (Gortnafulla), agus bíonn faitíos ar gach aon duine ag gabháil thart dóibh ar eagla go d’fheicfidís  taibhsí ag troid, mar a deirtear. Taobh thoir den pháirc sin tá an baile darb ainm Baile na Fola, an áit ar thosaigh an troid. 

Sheas Naomh Pádraic agus a chomrádaí ag féachaint ar an marú uafásach ar feadh tamaill beag. Ansin d’ardaigh sé a bhachall agus thosaigh siad ag guí. Nuair a chonaic na taoisigh na strainséirí agus na héadaí aisteach a bhí orthu, chuir siad deireadh leis an troid agus chuaigh siad ina dtreo. Chaill siad a ndúil i dtroid agus díoltas nuair a labhair Naomh Pádraic leo go breá bog. Tar éis tamaill bhí siad ina seasadh le chéile go ciúin socair ag éisteacht leis an bhfear anaithnid a choinnigh draíocht iasachta orthu.   

Nuair a bhí an ghrian ag dul faoi, thug an taoiseach áitiúil cuireadh do Naomh Pádraic agus a chomrádaí a dhún a úsáid mar áit chónaithe le linn a gcuairt sa cheantar. Lios Adhain (The Fort of the Fire) an t-ainm ar an dún sin mar dúradh gur las Naomh Pádraic tine ann mar a rinne sé ag Baile Shláine.  D’fhan Naomh Pádraic sa cheantar ar feadh tamaill agus d’éirigh leis Críostaí a dhéanamh de na taoisigh agus a lán daoine eile sa pharóiste. Mar ba dual dó mhúin sé dream beag ar leith agus oirníodh ina sagairt iad ina dhiaidh sin. Chuir an taoiseach i ndúil do Naomh Pádraic an méid dúiche ar a raibh sé i gceannas agus as sin amach tógadh Baethin i gceannas spioradálta ar an dúiche céana; choisric Naomh Pádraic Baethin mar easpag ina dhiaidh sin.

 

D’fhan cuid de na compánaigh rómhánach sa pharóiste a bhí ag taistil le Naomh Pádraic nuair a d’imigh sé níos faide siar. Dúradh gur óna Rómánaigh sin a bhfuair Baethin agus a chuiditheoirí an mheabhraíocht teach cloch a thógáil. Roimhe sin, bhí a dtithe déanta as adhmad agus tógtha ar bharr na ndúnta; tá na fothraigh líonmhar fós. Tá a n-ainmneacha ar na bailte beaga sa pharóiste, mar shampla, Lios ar gcúl, Lios a Coirce agus Lios Dubh.  

 

Bhí an teach a thógadh Baethin  i ngar do Ghort na Fola, stáitse an chatha; tá fothrach an tí sin i reilig Tigh Baethin. An t-aon pháirt atá ina sheasamh anois ná cuid den bhalla mór agus páirt den bhinn. Dar le seandaoine an pharóiste bíodh na taobh ballaí níos faide agus bhí na boghtaí faoi thalamh folamh agus de ghnáth ar laethanta sochraide rinne daoine cuairt ar na boghtaí sin.

 

De réir an scéalaí bhí a lán manach ag Baethin agus bhí siad ina gcónaí i mbotháin bheaga  in aice na mainistreach. Thaispeáin sé don scríbhneoir na háiteanna i bpáirceanna i ngar don mhainistir a nochtadh teallaigh na mbothán in ar chónaigh na manaigh. Dúirt sé go raibh na botháin i  ngar dá chéile agus gur shín siad i líne díreach ar an dtalamh níos mo ná 500 slat. Nocht na feirmeoirí na teallaigh seo nuair a rómhair siad domhain chun an chré a fháil agus é a dó mar leasú, seasca nó seachtú bliain ó shin.  

 

Go dtí daichead bliain ó shin an t-aon leasú a bhí ag na feirmeoirí ná cré dóite; Cuireadh fóidíní lasta ar an dtalamh agus ansin cuireadh daba créafóige nó dairteanna créafóige ar na fóidíní. Ansin scaipeadh an luaith ar bharr an talamh. I rith obair curadóireachta fuair feirmeoir Crois ór a bhain le hEaspag éigin fadó. Tugadh go hEaspag Ail Finn é.  

 

Bhí an talamh ar an taobh theas den mhainistir agus na botháin manach an mhaith agus bhí úinéireacht an talaimh sin ag Baethin agus an mhainistir. Shaothraigh na manaigh an talamh sin agus bhí lios acu féin; Lios a Coirce. Dúirt an scéalaí liom an chaoi a mhairfeadh na manaigh ná gur mheil siad a ngráinne go plúr ag úsáid brónna.  Fuair na feirmeoirí na brónna sin  i ngach áit thart timpeall  botháin na manach. Dúirt sé gur chuala sé na scéalta sin cois tine nuair a bhí sé óg. Go deimhin níor léigh sé aon leabhar faoi na rudaí sin. Dúirt sé freisin gur fear cliste aba Naomh Pádraic mar d’fhág sé easpag i ngach áit ina raibh taoiseach chun éad a sheachaint idir eatarthu.

 

Lean mainistir Baethin mar theach pobail sa pharóiste go dtí an seachtú haois déag nuair a dódh é. Dúradh gur ba é na Ffrenchs a dhóigh é; tá a dteach (Teach Mór) i ngar do Thigh Baethin. Dúirt an scéalaí gur tháinig na Ffrenchs le Cromwell agus saighdiúirí aba iad. Shocraigh siad síos i Ros Comáin agus ghabh siad Caisleán Uí Gadhra. D’athraigh siad ainm Dhún Gadhra go Frenchpark.

Nuair a dódh an mhainistir thóg muintir na háite teach pobail nua ar thalamh leis O Connor Don sa bhaile arb ainm Carragarriffe. Foirgneamh beag aba é agus lean sé acht glún amháin. Níl fágtha anois acht carnán clocha i gcoirnéal na páirce. Tuigim gur úsáideadh na clocha sin ar na bóithre áitiúla. Ní raibh a fhios ag an scéalaí an fáth gur tógadh an séipéal nua i ngar d’ fhothracha na mainistreach acht b’fhéidir gur áit níos oiriúnú é.  

 

Chomh fada siar leis an ochtú haois déag tógadh teach pobail nua i bpáirc O Connors in aice le láithreán an tsean séipéil. Ba theach fada ceann tuí é agus lean sé mar theach pobail an pharóiste go dtí nócha bliain ó shin nuair a tógadh séipéal nua ar eastát De Freyne i ngar d’fhothracha an sean mainistir. Úsáideadh an sean teach pobail mar an cead Scoil Náisiúnta i d’Tigh Baethin go dtí 1914.                                

    

Tá an reilig thart ar fhothracha na mainistreach fíor shean. Úsáideadh cuid acu mar áit adhlacadh do na manaigh a bhí ann i rith saol Naomh Baethin acht tar éis sin úsáideadh an reilig mar áit adhlacadh sa pharóiste. Rinneadh uaigheanna taobh istigh de na fothracha agus na boghtaí faoi thalamh. Tá an reilig lán anois agus anchaoi air.        

      

Author: Vivian Timon

My name is Dr. Vivian Timon. I am a scientist by training and have worked in AN Foras Taluntais, Ireland, first as a scientist and then as Assistant Director. I spent two years in North Carolina State University as Professor of Genetics. Later I joined The Food & Agriculture Organization (FAO) of the United Nations and ended my 15-year career there as Senior Advisor, Science & Technology. In the year 2000, on retirement, I took a keen interest in Genealogy and Gaelic studies and went back to University (NUIG) to study the Gaelic language. During the past few years, I have built a Timon Family Tree now embracing over 1400 persons over more than 10 generations and published several articles relating to Genealogy and the History of the Timon Family in Irish and in English.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *