Bunús an Shloinne Ó Tiomáin

 

Vivian Ó Tiomáin

Vivian Timon

Tá sé an deacair a bheith cinnte maidir le bunús nó ciall a bhaineann leis an sloinne Ó Tiomáin ná aon ainm teaghlaigh eile ach an oiread. Tairgeann staraithe teaghlaigh agus daoine araltach a lán moltaí faoi bhunús a thabhairt le hainmneacha ach tá an chuid is mó dóibh gan bhrí agus comhsheasmhacht; go deimhin níl aon fhianaise loighciúil nó creidiúint maidir leis na dearbhuithe a rinne siad mar gheall ar bhunús an sloinne Ó Tiomáin.

 

Tá fianaise scríofa go raibh an teaghlach, Ó Tiomáin, lonnaithe i dTí Baethin i 1700 (Elphin Diocesan Survey, 1749); ar an taobh eile, tá fianaise láidir scéalta go raibh an teaghlach ina gcónaí sa pharóiste, Tí Baethin, chomh fada siar leis an mbliain 500 (Edward Timon, 1918). De bhrí go bhfuil an sloinne, Ó Tiomáin, focal ón gCeiltis ní hé sin is é a rá go bhfuil an teaghlach Ó Tiomáin Ceilteach; ach b’fhéidir go bhfuil sé fíor.  Is é spéis áirithe go dtógann aistriú an fhocail Ó Tiomáin i mbéarla an míniú céanna is atá i a lán teangacha Eorpacha.  An míniú atá air ná tiomáinim, stiúraim, nó fear stiúrach.

 

Tá an míniú ceanna ar an sloinne Ó Tiomáin sa bhFraincís (Timonier), Spáinnis (Timonel), Catalan (Timoner), Galician (Timoneiro), Portaingéilis (Timoneiro), Iodáilis (Timoniere), agus Gréigis (Τιμων); i dteangacha éigin eile in  Oirthear na hEorpa (Slóvacach,  An Ungáir agus An Albáin) agus teangacha An Bhailt tá fréamh an fhocail ‘ fear stiúrach’ Timon, sa leagan béarla. Tá an sloinne Ó Tiomáin coitianta sa Fhrainc, An Spáinn, An Iodáil (Tuaisceartach) agus an-choitianta ar fad i bpáirteanna den Ghréig, An Bhulgáir, An Romháin agus An Ungáir agus freisin i nGleann na Réine i ndeisceart na Gearmáine agus An Ostair. Is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil na tíortha seo scaipthe ar chúrsa an imirce cheilteach trasna na hEorpa i rith tréimhse Le Téne (500 – 700 BC), tar éis a bheith faoi líon mór daoine le linn tréimhse Hallstatt. Nuair a scaradh na Ceiltigh trasna na hEorpa chuir siad fúthu in a lán tíortha trasna na Mór-roinne agus chuir siad ar bun cultúr ceilteach éagsúla sa  Fhrainc agus sa Spáinn i dtosach bliana an chéad aois. Scaradh dreamanna éagsúla go dtí An Bhreatain Mhór agus Éire faoi dhéin na tréimhse deiridh a imirce. Tháinig a lán Ceiltigh go hÉirinn as An Spáinn.  

 

Tá sé suimiúil a thabhairt faoi deara gurb é béasa agus bealaí na gCeilteach sloinne a thabhairt ar theaghlaigh a raibh baint leis an obair a rinne siad. Mar sin de, scairteadh teaghlaigh nó líon tí a d’oibrigh mar fhir stiúrtha nó tiománaí an sloinne Timon. Ag an am sin, roimh aireagán an chompáis, chaitheadh  fir stiúrtha nó tiománaí a bheith éirimiúil agus eolach mar chaitheadh siad stiúradh agus teorainn a leagadh amach ag úsáid a gcuid eolais ar eolaíocht na realtaí agus leagan amach coibhneasta na gealaí agus na réaltaí:  ‘stellar positioning’ mar a deirtear a theastaigh scileanna áirithe uathu. Mar sin de, teaghlaigh ar a dtugadh an sloinne Ó Tiomáin chaithfidís a bheith fíor-éirimiúil amach is amach.  

 

Tá sé dealraitheach san iomlán go bhfuil bunús ceiltigh ag an sloinne Ó Tiomáin agus gur éirigh an sloinne Ó Tiomáin as an nós ceiltigh sin; féach ar Ó Tiomáin litrithe san aibítir Oghamchraobh san alt “A Portrait of the Timon Family”. An comhthoradh den téis seo ná nach bhfuil aon ghaol fola idir  mórán teaghlaigh ar ab ainm Ó Tiomáin, i mórthír na Eoropa, sa Bhreatain Mhór, nó in Éirinn.         

An Sloinne Teaghlaigh Ó Tiomáin in Éirinn 

Tá sé scríofa sa seachtú agus ochtú déag aois go raibh Tiomáiní ina gcónaí i lár Ulaidh (Contae Fhear Manach agus An Cabhán), i lár Laighean (Cill Mhantáin, Cill Dara agus Ceatharlach) agus Connachtach; ní raibh an sloinne neamhchoitianta i Maigh Eo, Sligeach agus Ros Comáin. Tá sé suimiúil a thabhairt faoi deara gur tháinig na Ceiltigh go hÉirinn ag teacht isteach tríd inbhear na Sionainne. B’fhéidir nach é comhtharlú go bhfuil baile agus baile mór i gContae An Chláir agus Contae na Gaillimhe ina bhfuil an sloinne Ó Tiomáin iontu; mar shampla, Ennistimon agus Drumaghtimon i gContae An Chláir agus Áth-Tiomáin i gContae na Gaillimhe.

         

An Teaghlach Ó Tiomáin i dTi Baethin

Maidir le bunús an teallaigh Ó Tiomáin i dTi Baethin tá fianaise imthoisceach agus scéalta go raibh an teaghlach sa pharóiste chomh fada siar go dtí an cúigiú haois; comhtharlaíonn é le teacht Naomh Pádraic san áit agus mainistir a chuir ar bun. De réir dealramh fuair Ti Baethin a ainm ón mainistir sin agus bhí an chéad easpag, darb ainm Baethin, mac de Lallocc, a bhí ina deirfiúr le Naomh Pádraic. Is é ainm Tibohine comhchiallach galldaithe den seanbhaile gaelach darb ainm Tigh Baethin. Tá alt forleathan ar stair na háite agus cuairt Naomh Pádraic ann scríofa ag Eamonn Ó Tiomáin (1918). Tá scéal na háite a bplé go mion san alt sin go bhfuil gach aon dealramh go fuair sé an t-eolas óna thuismitheoirí – ó ghlúin go glúin mar a deirtear. Mar sin de, b’fhéidir go bhfuil an teaghlach Ó Tiomáin i dTi Baethin ón gcúigiú haois. Cuireann an réaltacht gur oibrigh Tiomáiní an talamh cois na mainistreach agus a fothracha,  faisnéis eile go raibh an teaghlach i dTi Baethin le fada an lá.              

                 

 

Author: Vivian Timon

My name is Dr. Vivian Timon. I am a scientist by training and have worked in AN Foras Taluntais, Ireland, first as a scientist and then as Assistant Director. I spent two years in North Carolina State University as Professor of Genetics. Later I joined The Food & Agriculture Organization (FAO) of the United Nations and ended my 15-year career there as Senior Advisor, Science & Technology. In the year 2000, on retirement, I took a keen interest in Genealogy and Gaelic studies and went back to University (NUIG) to study the Gaelic language. During the past few years, I have built a Timon Family Tree now embracing over 1400 persons over more than 10 generations and published several articles relating to Genealogy and the History of the Timon Family in Irish and in English.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *