Achoimriú gearr de mo réim i An Foras Talúntais agus san Eagraíocht na Náisiún Aontaithe. 

Vivian Timon

Rugadh mé i Ros Comáin sa bhliain 1937; fuair mé oideachas i gColáiste Náithí Naomha (An t-ardteastas onóracha, 1955) agus in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, B. Agr. Sc. (Céim céad onóracha), 1959.       Sa     bhliain dheireanach san Ollscoil, labhair Dr. Tom Walshe (Stiúrthóir, An Foras Talúntais) do na mic léinn.  An chéad chuimhne a bhí agam ná gur beart fuinnimh a bhí ann. Acht go gearr ina dhiaidh sin fuair mé amach gur duine an-éirimiúil aba é. B’fhéidir, nach bhfuil a fhios ag na daoine óga i Teagasc gur bunadh Teagasc ar An Foras Talúntais, ar ACOT (An Chomhairle Contae, tráth) agus ar na Coláistí Talmhaíochta a bhí curtha í gcrích ag An Roinn Talmhaíochta.

De thoradh mo chéim agus agallamh a leanas, bronnadh An Foras Talúntais scoláireacht orm (An chéad scoláireacht a bronnadh An Foras Talúntais) agus ghlac mé é chun ard céim a bhaint amach in Géineolaíocht agus Staitistic in Ollscoil Durham. Bhí an stipinn sa chéad bhliain an-bheag (seacht bpunt sa tseachtain) acht ar an dea-uair bhí an stipinn ardaithe sa bhliain 2 agus 3. Chaith mé trí bliana an-torthúla ag Kings College, Newcastle upon Tyne, faoi mhaoirseacht Professor Mc Gregor Cooper. Chuir mé m’obair thrialach i ngníomh ag Cockle Park agus bronnadh an chéim, Ph D, orm, i Mí na Nollag, 1962, bunaithe ar an téis : “The measurement and inheritance  of lamb carcass quality”. Ina dhiaidh sin d’fhoilsigh mé trí pháipéir eolaíochta, bunaithe ar m’obair téis,  sa British Journal of Animal Production.  

 

Fuair mé post i An Foras Talúntais, mí Eanáir 1963, mar Ghéineolaíocht Caorach, ar thuarastal £950 in aghaidh na bliana. Roimhe sin, dhiúltaigh mé post mar Phríomhoide-Géineolaíocht le Comhlacht Síolrú na Muc i Sasana le tuarastal £3,000 in aghaidh na bliana; bhí gluaisteán agus teach taobh amuigh de Londain domsa freisin. Ní raibh aiféala orm riamh agus an post sin a dhiúltú. Bhí sé an-chorraitheach ag obair i An Foras Talúntais ag an am sin mar bhí an chuid is mó den fhoireann óg agus fíor dhíograiseach. Chuir Dr. Walshe aguisín leis an corraitheach sin agus ní raibh aon ghanntanas airgid i gcoir scéimeanna taighde eolaíochta a bhí leagtha amach go cruinn. Ar dtús, bhí an Institiúid roinnte  i gcúig ranna, mar seo a leanas: An Roinn Ainmhí le Ceanncheathrú i Dunsinea, An Roinn Planda le Ceanncheathrú i Oakpark, An Roinn Ithreach le Ceanncheathrú i Johnstown, An Roinn Eacnamaíochta Thuathúil le Ceanncheathrú i Sandymount Avenue agus An Roinn Ghairneoireachta le Ceanncheathrú i Kinsealy.

 

I gceann tamaill bhig, chuir mé clár síolrú caorach i gcrích. Is éard a bhí ann ná, (i) Rogha mhór thrialach caorach (1000 caora), (ii) Meastóireacht de phór caorach mar aithreacha i ndéanamh uan maith, (iii) Meastóireacht de chaoirigh chros-síolraithe agus (iv) Cruthú tréad caorach torthúlacht mhór bunaithe ar chéannacht de chaoirigh eisceachtúil (4 ó níos mó uan in aghaidh gach caora) ar fheirmeacha. D’iompórtálamar Finnish Landrace caoirigh freisin mar bhunú géineolaíocht de chineál torthúlachta. Seo é tús den phór nua (Belclare) a thug Dr Hanrahan chun cinn go rathúil ina dhiaidh sin. Go teagmhasach, an chéad uair a chuala mé an leagan cainte, “genetic engineering”, as béal Dr. Walshe a tháinig sé. I rith cuairt Comhairle An Foras Talúntais go dtí Creagh, Ionad Taighde Caora, bhí mé ag iarracht chun cuir in úll don Chomhairle an loighic faoin gcruthú tréad caorach torthúlacht mhór agus an nua-iompórtáil Finnish Landrace, nuair a labhairt Dr. Walshe, agus dúirt sé, “It’s a question of engineering, isn’t it – engineering the genes into other breeds”. Ní raibh a fhios agam ag an am sin go mbeadh an téarma ‘genetic engineering’ coitianta i gcomhrá géineolaíochta na blianta ina dhiaidh sin. Ní raibh ganntanas focail ar  Doc Walshe riabh. Labhair sé chomh tapa sin ní raibh na focail in ann teacht as a bhéal acht leann sé ar aghaidh ar aon nós ag úsáid go rialta an leagan cainte “What you may call it”.   

 

Chomh maith le tabhairt faoi clár taighde fairsing, bá é pribhléid mhór  bheith ag obair i An Foras Talúntais. Spreagadh an Stiúrthóir, Dr. Walshe, go gníomhach dul i gcúrsaí faoi leith fad agus nach mbaininn sé do chlár thaighde. Bhí sé an sámh ag an am sin do chlú a dhéanamh in Éirinn mar de ghnáth tugadh cuireadh do fhoireann An Foras Talúntais a bheith páirteach de chláir Raidió agus Telefís, ailt a scríobh don Farmers Journal agus léachtaí a thabhairt do chruinnithe feirmeoireachta. Thugadh RTE cuireadh dom ocht  gclár a scríobh agus a léiriú ar ghiniúint caorach sa chlár  Telefís Feirme (Rinne mé an chuid is mó den obair ar na deireadh sheachtaine). Bronnadh duais Eorpach ar dhá chláir agus craoladh BBC trí chláir sa a gClár Talmhaíochta. Mhúin mé freisin cúrsa géineolaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus cúrsa ar Thalmhaíocht do mhic léinn in Ollscoil na Gaillimhe. Ghníomh mé mar scrúdaitheoir seachtrach do mhic léinn in Eolaíocht Talmhaíochta in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, ar feadh trí bhliain.                                                                                                                                           

Duine an pearsanta aba Doc Walshe agus thug sé tacaíocht mhór do gach duine a bhí ag obair i An Foras Talúntais cibé foireann feirm, foireann teicneoir, foireann chléiriúil ó fhoireann taighde. Mhisnigh sé foireann taighde sabóideach saoire a thógáil mar oiriúnach. Chait mé bliain an torthúil san Ollscoil North Carolina State sa bhliain 1967/68 agus as sin d’fhoilsigh mé trí pháipéir eolaíochta i ‘The Journal of Genetics’ agus ‘The Journal of Theoretical and Applied Genetics’; tairgeadh post dom mar Ollamh cúnta san Ollscoil freisin. Go gearr ina dhiaidh sin, tháinig mé ar ais go dtí An Foras Talúntais agus fuair mé amach go raibh mo phost ardaithe go Principal Research Officer. Ag an am sin ní raibh a  fhios ar bith agam go dtugadh post dom mar Stiúrthóir Cúnta de An Foras Talúntais agus Ardstiúrthóir, Ionad Taighde An Iarthair, bunaithe le gairid, i gceann tamaill bhig

 

Mar Stiúrthóir Cúnta buailimid le céile go rialta mar Stiúrthóireacht Ceannais. Mar Ardstiúrthóir, Ionad Taighde An Iarthair, bhí mé freagrach as  ceithre Stáisiún Taighde, Creagh, Glenamoy, Ballinamore agus Maam in éineacht le Feirmeacha Tástála ag Blindwell agus Drumboylan. Bhí sé soiléir gan mhoill go raibh cuid de na gníomhaíochtaí as dáta agus mar sin dúnaimid Glenamoy, Maam agus Drumboylan agus cuirimid Ionad Taighde Nua ar bun  i Belclare. I mbeagán ama, tharraing an tIonad Nua aird faoi leith idirnáisiúnta agus tháinig na millte feirmeoirí go dtí an tIonad ar Open Days. B’fhéidir nach bhfuil fios ag duine ar bith gurbh fhuair Dr. Ian Wilmut, an eolaí a ghiniúint láimhsiú géineolaíocht na caorach, Dolly, a oiliúint i Belclare, nó gur d’úsáid eolaí Francach fuil as caora speisialta (13 ova in one cycle) i Belclare chun eolas níos fearr a bhaint amach ar géineolaíocht síolrú i neacha daonna. Mar Stiúrthóir Cúnta, An Foras Talúntais, d’oibrigh mé ar a lán Bord Stiúrthóirí (NCEA agus Min Fhéir Teo, mar shampla) agus thóg mé páirteach i a lán staidéir náisiúnta (mar shampla, Thomond College agus Ollscoil Luimnigh).   

 

Sa bhliain 1985, tugadh cuireadh dom post a thógáil sa Roinnt Ainmhí i FAO – An Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiúin Aontaithe. Ar dtús, ghlac mé an post ar feadh bliain amháin agus thóg mé cead neamhláithreachta ó An Foras Talúntais. Acht tar ais sin tugadh cuireadh dom post buan a thógáil mar Cheann Scata Giniúint Ainmhí i FAO. Ghlac mé an post sin agus thóg mé scor luath ó An Foras Talúntais. Ba é dúshlán an Scata seo ná feabhas a dhéanamh sa Ghiniúint Ainmhí trasna na dtíortha forbarthacha. Dúshlán corraitheach a bá é agus bhí a lán taistil idirnáisiúnta trasna na cúig ilchríoch. Bhí an obair an luach mar bhí a lán teagmhála againn le Córais Taighde Talmhaíochta Náisiúnta agus gníomhairí mar The World Bank, IFAD agus The World Food Program.  

 

Sa bhliain 1992, tugadh cuireadh dom post a thógáil i TAC – The Technical Advisory Committee to The Consultative Group on International Agricultural Research a bhí laistigh cúrsa FAO freisin. Ag an am sin, bhí a hocht déag Ionad Taighde Idirnáisiúnta trasna an domhnáin. Ba é mo chúram cuidiú le luacháil na cláir taighde agus comhairle a thabhairt faoi straitéis taighde agus cáinaisnéis roinnte. Uair amháin eile, bhí a lán taisteal idirnáisiúnta sa phost seo. Sa bhliain 1996, tugadh cuireadh dom cuidiú leis an Stiúrthóir Bainistíochta maidir le polasaí taighde agus scríbhneoireacht páipéir staide maidir le tosaíocht taighde. Is é teideal an post nua a bronnadh orm ná Comhairle Sinsir (Eolaíocht agus Teicneolaíocht). An chéad tasc a rinne mé ná páipéar staide a scríobh ar an ábhar “Innealtóireacht Ghéiniteach”, léirithe le Stiúrthóir Bainistíochta ag Comhchomhairle Náisiún Aontaithe i Stócólm, An tSualainn. Ba é an chéad uair a thug An Náisiún Aontaithe tacaíocht don Innealtóireacht Ghéiniteach mar uirlis riachtanach i gcóir dul chun cinn de tháirgeadh bia na ndomhan forbarthach.

 

Sa mhí na Samhna, 1999, chuaigh mé ar scoir mar sna Náisiúin Aontaithe bhí ar gach duine dul ar scoir ag an aois seasca a dó. Gan mhoill ina dhiaidh sin, tháinig mé ar ais go hÉirinn agus cheannaigh mé teach i gCathair Loistreáin, Co. Na Gaillimhe, in aice leis an láithreán ar a raibh Ionad Taighde Baile an Chláir, ar feadh 25 bliana. Ar dtús, rinne mé comhairle le FAO acht bhí sé mar i gcéanna nuair a bhí mé ag obair ansin agus níor thaitin sé liom arís. Nuair nár dtaitin an taighde sin dom thosaigh mé taighde a dhéanadh ar Chraobh Ghinealaigh Ó Tiomáin. Anois tá mé tagtha do dheireadh m’fhiosracht maidir le craobh ghinealaigh mar tá taighde an teallaigh déanta agam siar go 1700 trasna deic giniúintí agus níos mó ná 1400 duine. I parallel le m’obair ar an gcraobh ghinealaigh chuaigh mé ar ais ar an Ollscoil (Ollscoil na Gaillimhe) chun feabhas a chuir ar mo chuid Gaeilge, go háirithe mo Ghaeilge scríofa. Bhain mé amach Dioplóma Onóracha i nGaeilge agus chuir mé feabhas mór ar mo Ghaeilge scríofa. Anois tá suíomh agam ar an idirlinn (Timon.ie) agus comhlánaigh sé Craobh Ghinealaigh Ó Tiomáin ( ar líne freisin ar shuímh MyHeritage.com). Faoi láthair, tá níos mó ná fiche ailt foilsithe agam ar an suíomh sin agus tá deic ailt i nGaeilge. Chomh maith le sin, imríonn galf cúpla uair sa tseachtain agus de ghnáth, bíonn súil agam le mo mhadra, Bruce (Labradar dubh), gach lá.                                                           

 

Author: Vivian Timon

My name is Dr. Vivian Timon. I am a scientist by training and have worked in AN Foras Taluntais, Ireland, first as a scientist and then as Assistant Director. I spent two years in North Carolina State University as Professor of Genetics. Later I joined The Food & Agriculture Organization (FAO) of the United Nations and ended my 15-year career there as Senior Advisor, Science & Technology. In the year 2000, on retirement, I took a keen interest in Genealogy and Gaelic studies and went back to University (NUIG) to study the Gaelic language. During the past few years, I have built a Timon Family Tree now embracing over 1400 persons over more than 10 generations and published several articles relating to Genealogy and the History of the Timon Family in Irish and in English.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *